Mar a thairgtí i dtosach é, is éard is rubar aiceanta ann, ar a dtugtar freisin rubair Indiach nó caoutchouc, ná polaiméirí oiriúnacha den comhdhúil orgánach isipréin ,le heisíontaisí beaga de chomhdhúile orgánacha eile, móide uisce.
Tugtar leaistiméirí ar fhoirmeacha de phoilisipréin a bhíonn úsáideach mar rubair aiceanta. Faoi láthair, saothraítear rubar go príomha i bhfoirm laitéise ó chrainn áirithe. Is éard is laitéis ann ná collóideach bhainniúil ghreamaitheach, a bhaintear amach as choirt tré ghearradh agus bailítear an sreabhán i soithí i bpróiseas ar a dtugtar "bearnú". Scagtar an laitéis ansin go dtí rubar, réidh le haghaidh próiseála tráchtála. Baintear úsáid as rubar aiceanta go forleathan i go leor feidhmeanna agus táirgí, ina aonar nó in éineacht le hábhair eile. Sa chuid is mó dá fhoirmeacha úsáideacha, bíonn cóimheas sínteach mór aige, athléimneacht ard, agus bíonn sé an-uiscedhíonach.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Rubar aiceanta, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.