Ba pholaiteoir Briotanach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é Robert Finlayson Robin Cook (28 Feabhra 1946 – 6 Lúnasa 2005) a bhí ina Fheisire Parlaiminte (FP) ó 1974 go dtí a bhás i 2005 agus d'fhreastail sé sa Chomh - Aireacht mar Rúnaí Gnóthaí Eachtracha ó 1997 go dtí 2001 nuair a tháinig Jack Straw isteach ina ionad.
Ansin d'fhreastail sé mar Cheannaire ar Theach na dTeachtaí ó 2001 go 2003.
Rinne sé staidéar in Ollscoil Dhún Éideann sular toghadh é mar Fheisire Parlaiminte do Dhùn Èideann Meadhain (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe) i 1974; aistrigh sé go toghcheantar Bhaile Dhunlèibhe i 1983. Sa Pharlaimint, bhí cáil air as a chumas díospóireachta agus rinne sé dul chun cinn tapa trí na céimeanna polaitiúla agus ar deireadh thiar isteach sa Chomh-aireacht. Mar Rúnaí Gnóthaí Eachtracha, rinne sé maoirseacht ar idirghabhálacha na Breataine sa Chosaiv agus i Siarra Leon.
D'éirigh sé as a phoist mar Ard-Uachtarán na Comhairle ( Lord President of the Council) agus mar Cheannaire Theach na dTeachtaí ar an 17 Márta 2003 mar agóid i gcoinne ionradh na hIaráice. Ag am a bháis, bhí sé ina Uachtarán ar an Foreign Policy Centre agus ina Leas-Uachtarán ar an British-American Parliamentary Group, agus ar an Global Security and Non-Proliferation All Party Parliamentary Group.
Rugadh Robin Cook in Ospidéal B Chontae, Bellshill, Albain, an t-aon mhac ag Peter agus Christina Cook (née Lynch). Bhí a athair ina mhúinteoir Ceimice, a d'fhás aníos in A' Bhruaich, agus bhí a sheanathair ina mhianadóir, sular cuireadh ar an liosta dubh é de bharr baint a bheith aige le stailc.
Cuireadh oideachas ar Cook i Scoil Ghramadaí Obar Dheathain agus, ó 1960, san Ardscoil Ríoga i nDún Éideann. Ar dtús, bhí sé i gceist ag Cook a bheith ina mhinistir de chuid Eaglais na hAlban, ach thráigh a mhuinín sa chreideamh de réir mar a d'aimsigh sé an pholaitíocht. Sa bhlaian 1965, ghlac sé ballraíocht i bPáirtí an Lucht Oibre, agus rinneadh aindiachaí de. D'fhan sé mar sin ar feadh an chuid eile dá shaol.
In olltoghchán 1970, níor éirigh le Cook san iomaíocht i nDùn Èideann a Tuath, ach toghadh é chuig Teach na dTeachtaí in olltoghchán Feabhra 1974 mar Fheisire Parlaiminte do Dhùn Èideann Meadhain, Sa bhliain 1981, bhí Cook ina bhall den Labour Party Defence Study Group, a bhí frith - núicléach.[ 2]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Robin Cook, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.