Scoláire, múinteoir, fear léinn agus iriseoir ab ea Risteárd Earnán Ó Glaisne.
Ba líonmhar a chuid scríbhinní – idir leabhair, phrós agus ailt iriseoireachta agus teastaíonn léitheoireacht leathan dá réir le tuiscint chruinn a fháil ar an bhfear agus ar a dhearcadh ar an saol. Bhí sé ildánach agus bhí suim aige i ngach gné de shaíocht agus de shaol na Gaeilge. D’éag se in aois 76 sa bhliain 2003.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Meán Fómhair 1927 Droichead na Bandan, Éire |
Bás | 6 Samhain 2003 76 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Modhachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, múinteoir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Rugadh Risteárd i gceantar Dhoire Garbh Thoir tamall ó Dhroichead na Bandan, Co. Chorcaí ar 2 Meán Fómhair 1927. Ba é an tríú duine é den cheathrar clainne a bhí ag George William Giles agus a bhean Sara Jane Vickery. Feirmeoirí ba ea a shinsir agus cónaí sa cheantar sin ar mhuintir Giles le 350 bliain um an taca seo.
Modhach ab ea é agus fuair sé a chuid oideachais sa Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan agus ina dhiaidh sin i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
Ar an drochuair, tholg sé an eitinn bhuaibheach agus é ina leanbh óg, rud a rinne dochar dá chromán agus a d’fhág céim bhacaí ann ar feadh a shaoil.
Ar na daoine a d’adhain an spéis sin bhí seanchainteoir dúchais i nGoirtín, Droichead na Bandan, darbh ainm Seán Ó Séaghdha agus a dheirfiúr Bean Uí Dhonnabháin. Thagadh Seán ag caitheamh tae sa teach corr-Dhomhnach agus thugadh Risteárd cuairt orthusan ar a sheal; i nGaeilge a scríobhadh an feirmeoir seo iontrálacha ina chín lae.
I gColáiste na Tríonóide bhí cúrsa onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéarla á dhéanamh aige agus bhí tionchar ag foireann na Gaeilge air, go háirithe ag Éamonn Ó Tuathail, Seán Beaumont agus Sorcha Ní Ghuairim. Ar feadh bliana freisin bhí sé ina rúnaí ag Cumann Gaelach an Choláiste; bhí de thoradh air sin gur lean cairdeas aige ar feadh a shaoil lena chomhaimsearaigh in Ollscoil na hÉireann, leithéidí Riobáird Mhic Góráin, Pheig Nic Curtáin (an tSiúr Benvenuta), agus Desmond Fennell. Tar éis dó céim a bhaint amach d’éirigh leis an ard-dioplóma san oideachas a fháil in 1950 agus céim mháistir in 1959.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Risteárd Ó Glaisne, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.