Ba é an Rialtas Dúchais (Home Rule) an príomhchuspóir polaitiúil a bhí ag náisiúnaithe bunreachtúla in Éirinn sa naoú haois déag agus ag tús an fichiú haois.
Ba é Páirtí Parlaiminteach na hÉireann an páirtí polaitíochta a bhí ag éileamh Rialtas Dúchais d'Éirinn, agus ba iad Isaac Butt, William Shaw agus Charles Stewart Parnell príomhcheannairí an pháirtí agus ailtirí an Rialtas Dúchais mar choincheap.
Is éard a bhí ann, go bunúsach, ná an t-éileamh go gcuirfí parlaimint fhéinrialaitheach ar bun in Éirinn. Níor theastaigh ón lucht Rialtais Dúchais in Éirinn a scaradh scun scan ón Ríocht Aontaithe.
Ón bhliain 1870 ar aghaidh, bhí feachtas ar bun ag ceannairí náisiúnacha na hÉireannach ag Westminster, go háirithe ag Charles Stewart Parnell, chun Rialtas Dúchais (féinriail réigiúnach) a bhaint amach in Éirinn. Bhí ceannairí Aontachtaithe na hÉireann, áfach, glan i gcoinne.
Ritheadh ceithre Bhille um Rialtas Dúchais in Éirinn, ach níor tháinig aon cheann acu i bhfeidhm ina iomláine.
De dheasca an Chéad Chogaidh Dhomhanda, is cosúil, níor cuireadh an tríú Bille i bhfeidhm riamh. Ach b'é sin leithscéal a chodail amuigh b'fhéidir.
Léirigh glacadh Theach na dTeachtaí leis an mBille ach diúltú Theach na dTiarnaí dó a chasta is a bhí an díospóireacht seo.
Ar aon nós, ba léir go raibh athrú ag teacht ar an gcaidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe agus an reachtaíocht rite ag na Teachtaí an chéad lá. Spreag na vótaí seo lear mór eachtraí a raibh tionchar nach beag acu ar imeachtaí na mblianta ina ndiaidh
Ba é an tAcht um Rialtas na hÉireann sa bhliain 1920 an tAcht deifnídeach, ach níor cuireadh an ceann sin féin i bhfeidhm ach amháin i dTuaisceart Éireann.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Rialtas Dúchais, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.