Bhí an pápa Alastar VI ina cheannaire ar an Eaglais Chaitliceach Rómhánach ó 11 Lúnasa 1492 go dtí lá a bháis, 18 Lúnasa 1503.
Tá Alastar VI ar cheann de na pápaí is conspóidí in aimsir an Renaissance. D'admhaigh sé go raibh roinnt páistí aige lena bhean choibhche. Mar sin, tháinig ceangal idir an sloinne Iodálach Borgia agus an scaoilteacht i dtaca le cúrsaí collaíochta. Bhí baint aige freisin le caimiléireacht, calaois, sclábhaíocht agus finíochas ag an am céanna.
Ach ní raibh comharbaí Alastar VI níos fearr... bhí na peacaí céanna ag Sixtus V agus Urban VIII. Mar sin, thosaigh an Reifirméisean sa bhliain 1530 chun deireadh a chur le camastaíl.
Rugadh Rodrigo Llançol (sa Chatalóinis) ar an 1 Eanáir 1431, i mbaile Xàtiva in aice València. Ba é a athair ná Jofré Llançol i Escrivà (nó Lanzol sa Chaistílis (an Spáinnis)).
Sa bhliain 1455, ceapadh a uncail ar thaobh a máthar, Alonso de Borja, mar phápa (Calixtus III). Bhí an chuid finíochais ar bun sa Róimh ag an am.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pápa Alastar VI, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.