Eagraíocht polaitiúil is ea an páirtí polaitíochta atá dírithe ar chumhacht a bhaint amach i rialtas na tíre.
Glactar leis go bhfuil trí phríomhchuspóir ag gach páirtí polaitíochta, mar atá, obair eagraíochta, obair fógraíochta, agus obair idé-eolaíochta.
Cuid de shaol polaitiúil na dtíortha daonlathacha iad na páirtithe polaitíochta de ghnáth. Thairis sin, bíonn páirtithe polaitíochta ina lán tíortha nach bhfuil meas an daonlathais orthu. Roimh an mbliain 1989, bhí tíortha Oirthear na hEorpa á rialú ag na páirtithe Cumannacha, agus go praiticiúil, bhí Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh ní ba thábhachtaí agus ní ba chumhachtaí ná Uachtarán an Stáit. Mar sin féin, ina lán de na tíortha seo, bhí páirtithe eile ann, cé go raibh sé cinntithe roimh ré nach mbeadh aon cheann acu ábalta teacht in aon chóngar don Pháirtí Chumannach i líon na bhfeisirí ná na vótaí.
D'fhorbair na páirtithe polaitíochta as na faicsin pholaitiúla a bhí sna parlaimintí réamhdhaonlathacha. Nuair nach raibh cead ach ag na daoine uaisle bheith ina bhfeisirí, ní raibh cúis le canbhasáil ná le fógraíocht sa chiall nua-aoiseach. Is féidir a rá go raibh Compántas na gCaitliceach, an cumann a bhunaigh Dónall Ó Conaill leis na cearta daonna a bhaint amach do na Caitlicigh in Éirinn, ar an chéad pháirtí polaitíochta ar fad sa chiall nua-aoiseach sa Ríocht Aontaithe, nó chuaigh sé i dtuilleamaí teicníochtaí fógraíochta agus canbhásála den chineál nua-aimseartha roimh aon eagraíocht pholaitiúil eile. A lán de na cleasanna a d'fhoghlaim na hÉireannaigh sa Chompántas sin, mhúin siad do na Meiriceánaigh iad nuair a shocraigh siad síos sna Stáit Aontaithe, agus iad ag sealbhú an Pháirtí Dhaonlathaigh ina lán áiteanna le cúis na n-inimirceánach Éireannach a chur chun cinn.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Páirtí polaitíochta, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.