Scoláire agus foclóirí Gaeilge ab ea (Máire) Próinséas Ní Chatháin (1936 – 24 Samhain 2018), a chuir go mór le príomhfhoclóir na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge (Dictionary of the Irish Language) faoi scáth Acadamh Ríoga na hÉireann.
Bhí post aici mar Ollamh le Gaeilge Luath agus Gaeilge na Meánaoise sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1936 |
Bás | 24 Samhain 2018 81/82 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | acadóir |
Rinne Ní Chatháin a cuid staidéir i gColáiste na hOllscoile Gaillimh (Ollscoil na hÉireann Gaillimh anois) faoi stiúir Kathleen Mulchrone, áit ar bronnadh BA uirthi (1956). Fuair sí Scoláireacht Taistil ó Ollscoil na hÉireann chun staidéar a dhéanamh i mBonn na Gearmáine, agus ansin d'fhreastail sí ar Ollscoil Dhún Éideann áit ar bhain sí PhD amach sa bhliain 1966. Bhí sí ina Scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath idir 1962 agus 1965, agus cúig bliana is fiche ina dhiaidh sin, shuigh sí ar bhord rialaithe na Scoile sin (1987–88).
Thosaigh sí ar a gairm múinteoireachta mar léachtóir cuartaíochta in Ollscoil Pennsylvania, agus ina dhiaidh sin, sa bhliain 1967, ghlac sí le post i Roinn na Sean-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar fuair sí ardú céime ó léachtóir cúnta go hollamh le linn na fiche bliain ina dhiaidh sin. Bhunaigh sí M.Phil. idirdhisciplíneach i gcomhar leis an staraí an tOllamh Francis John Byrne, agus níos déanaí bhí baint aici le bunú cúrsa fochéime ar Shibhialtacht na gCeilteach.
Bhí sí ina hUachtarán ar Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann ó 1997 go 2000. In 2002 foilsíodh festschrift ina honóir dar teideal Ogma: essays in Celtic Studies in honour of Próinséas Ní Chatháin, arna chur in eagar ag iar-chomhghleacaithe dá cuid, Michael Richter agus Jean-Michel Picard.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Próinséas Ní Chatháin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.