Ar 21 Nollaig 1988, maraíodh 270 duine nuair a phléasc buama ar bord eitilte de chuid Pan Am i Locarbaidh na hAlban.
Sceimhlitheoireacht Libiach státurraithe a bhí i gceist.
| ||||
Cineál | timpiste eitlíochta ionsaí sceimhlitheoireachta buamáil eitleáin | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 21 Nollaig 1988 | |||
Suíomh | Locarbaidh, Scotland | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Líon básanna | 243 paisinéir 16 foireann Locarbaidh: 11 saoránach | |||
Líon na marthanóirí | 0 | |||
Deirtear gur ordaigh Qaddafi buamáil Loch Earbaí le díoltas a bhaint amach ar an ionsaí a rinne SAM ar a theach cónaithe, inar maraíodh a iníon altrama dhá bhliain d’aois, dhá bhliain roimh Loch Earbaí. "Ach bhí lámh ag Iosrael sa scéal sin chomh maith...".
Sna 1980idí, bhí an Libia faoi réimeas an Choirnéil Gaddafi, deachtóir a bhí imeallaithe ag mórán mar thoradh ar a chuid tacaíochta do ghrúpaí sceimhlitheoireachta, an tIRA ina measc. ‘Mad dog of the Middle East,’ a bhí baiste ag an Uachtarán Reagan air go drochmheastúil agus in ábhar cartlainne d’fhógair an t-iriseoir Eamonn McCann gurb é a bhí ag éirí thiar as gach eachtra sceimhlitheoireachta san Eoraip sna hochtóidí. Ba é an sléacht a bhain le buamáil Pan Am 103 os cionn Locarbaidh na hAlban an eachtra ba mhíchlúití acu.
Cúisíodh Abdel Baset al Megrahi agus gearradh príosúnacht saoil air sa bhliain 2001. Chuir muintir na Libia fáilte mhór roimh al Megrahi nuair a scaoileadh saor é sa bhliain 2009 ar bhonn atrua.
D'imigh an comhlacht Pan AM, an aerlíne is is cáiliúla i SAM ag an am, bancbhriste sa bhliain 1991.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pan Am Eitilt 103 (1988), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.