Scríbhneoir Spáinnise ó Thír na mBascach a bhí i bPío Baroja y Nessi, a rugadh i San Sebastián (Donostia) ar an 28 Nollaig 1872 agus a fuair bás i Maidrid ar an 30 Deireadh Fómhair 1956.
Bascach a bhí ann féin, ach ní raibh mórán measa aige ar theanga a cheantair dhúchais, cé go raibh téamaí Bascacha agus radharcra na Tíre Bascaí le haithint ina lán scríbhinní a tháinig óna pheann.
Ainm sa teanga dhúchais | (es) Pío Baroja y Nessi |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 28 Nollaig 1872 Donostia, An Spáinn |
Bás | 30 Deireadh Fómhair 1956 83 bliana d'aois Maidrid, An Spáinn |
Siocair bháis | Galar cardashoithíoch |
Áit adhlactha | Reilig Shibhialta Mhaidrid 40°25′19″N 3°38′09″W / 40.422081°N 3.635772°W Reilig Shibhialta Mhaidrid |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Universidad Central - míochaine |
Áit chónaithe | Maidrid |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, dochtúir leighis, file, drámadóir, scríbhneoir leighis, úrscéalaí, báicéir |
Ball de | |
Seánra | Úrscéal |
Gluaiseacht | Glúin '98 |
Teangacha | An Spáinnis |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Athair | Serafin Baroja |
Siblín | Carmen Baroja agus Ricardo Baroja |
Duine muinteartha | Julio Caro Baroja (nia) Pío Caro Baroja (nia) |
Rinne sé staidéar le bheith ina dhochtúir, ach níor chleacht sé an cheird seo riamh - go bunúsach, ní raibh ann ach amhábhar don úrscéal El árbol de la ciencia ("Crann an Eolais"). Is é saol na mac léinn atá faoi chaibidil ag Baroja sa leabhar seo. Chaith sé seal i mbun bhácús a mhuintire, rud atá le haithint i saothair eile leis, ar nós La Busca ("An Cuardach").
Scríbhneoir próis a bhí ann thar aon rud eile, cé gur bhain sé triail as an drámaíocht freisin, agus scríobh sé aistí chomh maith.
Is iad na saothair is tábhachtaí ná:
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pío Baroja, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.