Is file as Tuaisceart Éireann í Medbh McGuckian (a baisteadh Maeve McCaughan ar an 12 Lúnasa 1950).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Lúnasa 1950 73 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas |
Rugadh í an tríú páiste de sheisear mar Maeve McCaughan do Hugh agus Margaret McCaughan i dTuaisceart Bhéal Feirste. Príomhoide scoile ab ea a hathair agus díograiseoir tioncharach ealaíne agus ceoil a máthair. D'fhreastail sí ar Bhunscoil an Teaghlaigh Naofa agus ar Choláiste Dhoiminiceach, Fortwilliam agus bhain sí céim amach sa bhéarla i 1972 agus máistreacht sa réimse céanna i 1974 in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Ghlac Maeve McCaughan an litriú Gaeilge ar a hainm, Medbh, nuair a scríobh a múinteoir ollscoile, Seamus Heaney, a hainm mar sin agus leabhair á síniú di. Phós sí múinteoir agus file, John McGuckian, i 1977.
D’oibrigh sí mar mhúinteoir ina cathair dhúchais, Béal Feirste, i gColáiste Phádraig, Cnoc Mhuire agus mar eagarthóir. Ba ise an chéad ban-scríbhneoir cónaithe in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (1985–1988). Chaith sí cuid de théarma ceaptha mar fhile ghearrthéarma agus mar léachtóir sa scríbhneoireacht in Ollscoil California, Berkeley (1991).
Bhí na chéad dánta foilsithe ag McGuckian le feiceáil i dhá phaimfléad, Single Ladies: Sixteen Poems agus Portrait of Joanna, sa bhliain 1980, an bhliain go bhronnadh uirthi Gradam Eric Gregory. I 1981 d’fhoilsigh sí Trio Poetry 2 le na filí Damian Gorman agus Douglas Marshall, agus i 1989 chomhoibrigh sí le Nuala Archer ar fhoilsiú eile, Two Women, Two Shores. Bronnadh Duais Rooney do Litríocht na hÉireann agus gradam na Comhairle Ealaíon (Éire) (1982 araon) chomh maith le Duais Alice Hunt Bartlett (1983) ar an bhfile, don chéad mhórchnuasach filíochta foilsithe aici, The Flower Master (1982), a dhéanann iniúchadh ar bhriseadh meabhrach iarbhreithe. Is í freisin buaiteoir Dhuais Cheltenham 1989 dá cnuasach On Ballycastle Beach (Wake Forest University Press).
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Medbh McGuckian, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.