Sa bhliain 2019, tháinig an tAontas Eorpach agus lucht idirbheartaíochta ó ghrúpa tíortha i Meiriceá Theas - grúpa Mercosur mar a thugtar air ar chomhaontú saorthrádála, an 'Margadh saorthrádála Aontas Eorpach - Mercosur'.
Ach níor cuireadh i bhfeidhm riamh é.
Cineál | margadh saorthrádála European Union Association Agreement (en) proposed entity (en) |
---|---|
Príomhábhar | taraif saorthrádáil |
Rannpháirtí | |
Faoi théarmaí an chomhaontaithe, tiocfadh ardú suntasach ar an méid mairteola a thabharfar isteach san Aontas ó Mheiriceá Theas ar phraghas níos saoire.
Bheadh tairbhe le baint ag cuid d'easpórtálaithe an Aontais Eorpaigh as an gcomhaontú - lucht déantúsaíochta carranna agus innealra eile, an earnáil ceimiceán agus an earnáil cógaisíochta ina measc.
Cúpla mí níos déanaí i mí Lúnasa 2019, tharla Falscaithe san fhoraois bháistí na hAmasóine. Rinneadh cáineadh géar ar Rialtas na Brasaíle. Ach baineadh siar go mór as rialtas Bolsonaro sa Bhraisil nuair a moladh go ndéanfaí baghcat ar fheoil ón mBrasaíl.
Dúirt polaiteoirí áirithe ón Aontas nach dtabharfadh a mbeannacht don chomhaontú nua trádála mura gcloífeadh an Bhrasaíl lena gealltanais timpeallachta. Mar shampla, dúirt an Leo Varadkar, Taoiseach ag an am, nach mbeadh Éire ag vótáil ar son margadh saorthrádála Mercosur, mura gcomhlíonfadh an Bhrasaíl a gcuid gealltanas ó thaobh cúrsaí comhshaoil de. Tógfadh sé dhá bhliain, ar sé, sula gcaithfidh an tAontas Eorpach vóta ar mhargadh Mercosur agus go gcoinneofar súil ghéar ar ghnóthaí comhshaoil sa Bhrasaíl idir seo agus sin. Ach sa bhliain 2021, ní raibh an comhaontú saorthrádála fós i bhfeidhm.
Cuirfidh an margadh as d’ioncam fheirmeoirí in Éirinn, a dúradh. Dúirt eagraíochtaí feirmeoireachta in Éirinn go gcuirfeadh an socrú trádála as go mór d'fheirmeoirí mairteola in Éirinn.
Tá an comhaontú fós le faomhadh ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Parlaimint na hEorpa.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Margadh saorthrádála Aontas Eorpach - Mercosur, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.