Máire Nic Shiubhlaigh: Ban-aisteoir

Ban-aisteoir agus gníomhaí poblachtánach Éireannach ab ea Máire Nic Shiubhlaigh (8 Bealtaine 1883 – 9 Meán Fómhair 1958).

Thosaigh sí ag aisteoireacht agus í fós ina déagóir; bhí páirt aici sa chéad dráma a léiríodh i nGaeilge in Éirinn. Bhí sí ar bhunaitheoirí Amharclann na Mainistreach agus ise sa phríomhról mná ar oíche oscailte na hamharclainne sa bhliain 1904, mar atá in Cathleen Ni Houlihan, an dráma úd de chuid W. B. Yeats. Ní ba dhéanaí bhí sí ina ball d'fhoireann Amharclann na hÉireann, a chuidigh sí a chur ar bun.

Infotaula de personaMáire Nic Shiubhlaigh
Máire Nic Shiubhlaigh: Ban-aisteoir
Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Mary Elizabeth Walker
5 Bealtaine 1883
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Meán Fómhair 1958
75 bliana d'aois
Droichead Átha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

A luathshaol

Rugadh Nic Shiubhlaigh mar Mary Elizabeth Walker Sráid Charlemont, Baile Átha Cliath do theaghlach náisiúnaíoch a raibh an Ghaeilge acu mar theanga. B'as Contae Cheatharlach a hathair, Matthew, cé gurb as Contae Chill Chainnigh a mhuintir. Clódóir agus foilsitheoir eisean a bhí i gceannas ar an Gaelic Press. Gúnadóir as Baile Átha Cliath a bhí i máthair Mháire. D'fhás Máire aníos i 56 High Street sna Saoirsí in Áth Cliath.

Chuaigh sí le Conradh na Gaeilge thart ar 1898 mar ar tháinig sí i dteagmháil le Arthur Griffith agus William Rooney. Le cabhair ó bheirt dhíograiseoirí an stáitse, William agus Frank Fay, d'éirigh sí páirteach i ngrúpa drámaíochta darbh ainm Inghinidhe na hÉireann. Sa bhliain 1901, ghlac an grúpa páirt i bhfeis le dhá dhráma, Tobar Draoidheachta leis an Athair Ó Duinnín agus Red Hugh le Alice Milligan. Chuaigh aisteoireacht bhaill an ghrúpa amaitéirigh i bhfeidhm ar bheirt a bhí i láthair, George Russell (AE) agus W. B. Yeats. Chuir Russell, a bhí i ndiaidh a dhráma miotais Deirdre a thairiscint do na deartháireacha Fay, ina luí ar Yeats a dhráma tírghrá Cathleen Ni Houlihan a thairiscint do na mná.

Máire Nic Shiubhlaigh: Ban-aisteoir 
Póstaer i gcomhair chéadléiriú Cathleen Ni Houlihan agus Nic Shiubhlaigh sa phríomhról

Tagairtí

Tags:

188319588 Bealtaine9 Meán FómhairAmharclann na MainistreachCathleen Ni HoulihanGaeilgePoblachtánachas in ÉirinnW. B. YeatsÉire

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

HidalgoAn fearann poiblíSkibidi ToiletBreacánEvonne GoolagongSíceolaíochtDiúscairt fuíllElijah MuhammadAn ProtastúnachasOllscoil PittsburghAn tAigéan CiúinFéilire GhréagóraAn ÉigiptMaignéisiamMuir OcatscThomas MoreAois na FaisnéiseHidreaponaicMahagaineSt Mary's University, TwickenhamLitríocht na SeapáineRachel CarsonStaitisticDrosera rotundifolia1 NollaigDara Cogadh DomhandaTeanga (cumarsáid)ClogParagua1976Coinbhinsiúin um ChinedhíothúAiltireachtLe CorbusierDún Chárlabhaigh30 MeitheamhArtaimísPornhubFoirmle cheimiceachAeráidCogadh na hIaráiceSimon HarrisCreative CommonsTuaisceart ÉireannMarlee MatlinZacairiá (fáidh Giúdach sa Sean Tiomna)An Impireacht Naofa RómhánachAn tSeapáinFanaileAifreann Laidineach1921Náisiún IoslamDuddestonHomaighnéasachtOideachasAhmadachBratachBirmingham, AlabamaCultúrCluichí Oilimpeacha2002Henry FordTeileachumarsáidAn IáivisJeanne d'Arc700 RCLeabhar na SalmJoe BidenTír ChonaillÉire (Poblacht na hÉireann)Teicneolaíocht1981IosraelOllscoil OxfordEukaryota🡆 More