Amhránaí agus scríbhneoir amhrán in Québec is ea Lisa LeBlanc.
Rugadh í in 1990 in Brunswick Nua.
(2017) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Lúnasa 1990 33 bliana d'aois Rosaireville (Ceanada) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | École nationale de la chanson de Granby |
Teanga dhúchais | Acadian French (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí is scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 2006 – |
Seánra | Ceol tíre traidisiúnta |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla Cheanada agus Fraincis Cheanada |
Uirlis | Bainseó, giotár agus ceol gutha |
Suíomh gréasáin | lisaleblanc.ca |
Rugadh í in Rosaireville, sráidbhaile Acadach a raibh 51 duine ina gcónaí ann i ndeireadh 2013 agus atá suite in Brunswick Nua. Thosaigh sí ag canadh os comhair an phobail in 2004.
Tar éis di dul ag amhránaíocht thall is abhus ina ceantar dúchais, fuair sí dioplóma ón École nationale de la chanson de Granby i rang na bliana 2010. Bhí sí páirteach sa 42ú Festival international de la chanson de Granby in Meán Fómhair 2010 agus ghnóthaigh an chéad duais. Fuair sí cuireadh chun canadh ar chláir theilifíse dá bharr..
I Márta 2012 chuir sí a céad albam amach. Ón gcéad seachtain amach bhí sé sin ar bharr an liosta mar albam mórdhíolta ar iTunes Canada.
I bhFómhar 2012 ghlac sí páirt sa 26ú féile den Coup-de-cœur francophone (féile cheoil de chuid Montréal atá ann ó 1987 i leith). Chuaigh sí ag canadh ar fud oirthear Cheanada.
I Deireadh Fómhair 2013 ghnóthaigh sí duais France Inter/Télérama don albam Fraincise ab fhearr.
I Samhain 2014 chuir sí amach Highways, Heartaches and Time Well Wasted, mionalbam i mBéarla.
I Meán Fómhair 2016 chuir sí amach a tríú halbam Why You Wanna Leave, Runaway Queen.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Lisa LeBlanc, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.