Is iarFheisire de Pharlaimint na hEorpa de chuid Sinn Féin í Liadh Ní Riada (a rugadh ar 28 Samhain 1966).
Ceapadh í ina hoifigeach pleanála teanga i nGaeltacht Chorcaí sa bhliain 2020.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Samhain 1966 57 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Feisire de Pharlaimint na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Sinn Féin 1 Iúil 2014 – Téarma parlaiminte: Ochtú Parlaimint na hEorpa Toghcheantar: Deisceart (toghcheantar na hEorpa) Toghadh i: toghchán Pharlaimint na hEorpa 2014 | |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Strasbourg An Bhruiséil |
Gairm | polaiteoir, stiúrthóir teilifíse, léiritheoir teilifíse |
Ball de pháirtí polaitíochta | Sinn Féin |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Athair | Seán Ó Riada |
Is as Gaeltacht Mhúscraí í Liadh. Is iníon de chuid Sheáin Uí Riada - an cumadóir agus ceoltóir clúiteach- í.
Tá Liadh pósta ar Nicky agus triúr clainne aici.
Tá cúlra láidir ag Liadh sna meáin. Chaith sí níos mó ná 20 bliain ag obair mar léiritheoir agus stiúrthóir ag RTÉ agus ag TG4. Bhí sí ina ball den bhord a chur TG4 ar an bhfód agus a d’fhobair a struchtúirí agus a chur chuige ag tús na 2000í.
Roghnaíodh Ní Riada chun seasamh don Toghchán Parlaimint na hEorpa 2014. Sheas sí don toghcheantar Theas. Bhain sí 19.1% nó 125,309 de na vótaí céad rogha amach. Bhuaigh sí an dara shuíochán ar an ceathrú chomhair le 132,590 vótaí.
Bhí sí ina ball den choiste buiséid, den choiste iascaireachta agus den choiste oideachais agus cultúir.
Roghnaíodh sí mar iarrthóir Sinn Fein don Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2018. Tháinig sí sa cheathrú háit sa toghchán le 93,987 vótaí agus 6.4% de na vótaí céad rogha.
Le 28 ball d'Oireachtas, ba fhéidir le Sinn Féin iarrthóir a roghnú. Roghnaíodh Ní Riada chun seasamh don pháirtí sa toghchán ar 26 Deireadh Fómhair 2018. Tháinig sí sa cheathrú háit sa toghchán le 93,987 vótaí agus 6.4% de na vótaí céad rogha.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Liadh Ní Riada, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.