Innealtóir le comhlacht aerárthach Henschel, a rugadh i mBeirlín ab ea Konrad Zuse (22 Meitheamh 1910 – 18 Nollaig 1995).
Thosaigh sé ag tógáil meaisíní ríomhaireachta i 1936. Roinnt fréamhshamhlacha tógtha aige faoi 1945, agus ba é an ceann is cáiliúla, an Z3, an chéad ríomhaire le haidhm ghinearálta a bhí stiúrtha ag clár is a d'fheidhmigh go rathúil. Bhunaigh sé a chomhlacht ríomhaire féin, Zuse KG, a mhair go dtí 1964.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Konrad Zuse, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.