Ar 8 Meitheamh 2023, bhí iaruachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, cúisithe ag ardghiúiré feidearálach i gcáipéisí rúnaicmithe rialtais a choinneáil, tar éis dó imeacht as an Teach Bán in 2021 agus i mbac a chur ar riar na córa.
Tugtar United States v. Donald J. Trump and Waltine Nauta ar an gcás (Waltine Nauta ba ea an cúntóir pearsanta ag Trump ag an am). Bhí cúiseanna eile curtha ina leith chomh maith – comhcheilg a bheith ar bun aige agus ráitis bhréige a dhéanamh ina measc.
Cineál | cás dlí cás coiriúil ionchúiseamh de Donald Trump, Walt Nauta (en) , Carlos De Oliveira (en) |
---|---|
Bailíocht | 8 Meitheamh 2023 - |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Cúis | FBI investigation into Donald Trump's handling of government documents (en) |
Cúisitheoir | Smith special counsel investigation (en) |
Cosantóir | |
Cúirt | United States District Court for the Southern District of Florida (en) |
Breitheamh | Aileen Cannon (en) |
I mí Lúnasa 2022, rinne gníomhairí ón FBI ruathar gan choinne ar eastát an iar-Uachtaráin in Florida Chuardaigh na gníomhairí an áit go mion agus thug siad leo na mílte cáipéis a bhí faoi ghlas i dtaisceadán.
De réir an dlí, ba cheart aon cháipéis rúnaicmithe a bhí ina sheilbh ag Trump a bheith tugtha ar láimh aige do Chartlann Náisiúnta na Stát Aontaithe nuair a tháinig deireadh lena théarma oifige.
Líomhnaítear gur thug Trump cáipéisí rúnaicmithe ón Teach Bán go dtí Florida leis lena scrios nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar uachtarán, beart a bheadh in aghaidh an dlí. Faoi Acht Thaifid an Uachtaráin, is leis an Rialtas gach ábhar oifigiúil agus ní mór é ar fad a chur ar fáil don chartlann ach a dtagann deireadh le téarma Uachtaráin. Choinnigh an t-iarUachtarán 15 bosca d’ábhar a d’iarr oifigigh ón gCartlann Náisiúnta air a thabhairt ar ais ar feadh roinnt míonna agus níor scar sé leo go dtí gur bagraíodh an dlí air chun iad a fháil ar ais.
Le linn 2022/2023, bhí an t-abhcóide speisialta Jack Smith ag leanacht lena chuid oibre. Beidh tuilleadh fógraí faoi chúiseanna á ndéanamh aige sna míonna seo romhainn.
Bhí ard-Ghiúiré curtha faoi mhion i mí Iúil 2023 i Georgia. Tabharfaidh an Ard-Ghiúiré breithiúnas ar na céadta cáipéis atá á gcur mar fhianaise go ndearna Trump iarracht toradh thoghchán na huachtaránachta in 2020 a chur ar neamhní go calaoiseach.
Mí na Nollag i 2023 an dáta a bhí leagtha don chás. Ach bhí súil ag foireann Trump nach mbeidh aon triail ann go dtí tar éis an toghcháin i mí na Samhna 2024.
Tá na pobal a thacaíonn le Trump dall ar na cúiseanna agus na cásanna seo ar fad. Níl tada sa dlí a chuirfeadh cosc air bheith ina Uachtarán agus é ciontaithe i gcoir. Má bhíonn Trump ciontaithe féin, is féidir leis maithiúnas a thabhairt dó féin a luaithe agus a bheidh sé tofa mar Uachtarán in 2024.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump (eolas rúnda slándála), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.