Tá an focal úd ianasóir bunaithe ar yeniçeri na Tuircise.
Is éard is brí leis an téarma sin ná "saighdiúirí nua". B'iad na hianasóirí scoth trúpaí armtha na Tuirce (is é sin, Impireacht Otamánach na Tuirce). Chuir an Sabhdán Murad I bun leis na hianasóirí timpeall na bliana 1365, agus b'é an Sabhdán Mahmud II a chuir deireadh leo mar thrúpaí. San am sin, bhí meath tagtha ar na hianasóirí go hiomlán, nó ní raibh siad ag tabhairt aire ar orduithe an tsabhdáin a thuilleadh.
Inniu, coinnítear cuimhne ar cheol máirseála na n-ianasóirí i gcónaí, nó bhain siad úsáid ar leith as na drumaí, rud a chuaigh go mór i gcion ar na ceolchumadóirí Iartharacha san ochtú haois déag.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ianasóir, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.