Is géineas plandaí bláthanna bliantúla agus ilbhliantúla san fhine Asteraceae (na nóiníní) é Helianthus.
Tá thart ar 70 speiceas sa ghéineas, ar a dtugtar lusanna na gréine de ghnáth. Is é Helianthus annuus an speiceas is cáiliúla; de ghnáth is é an speiceas seo atá i gceist nuair a úsáidtear an téarma lom “lus na gréine” i nGaeilge. Seachas trí speiceas ó Mheiriceá Theas, tá na speicis Helianthus dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus Meiriceá Láir. Saothraítear H. annuus agus speicis eile, go háirithe an bliosán gréine (H. tuberosus), in aeráidí measartha agus i roinnt réigiún trópaiceach, mar bharra bia do dhaoine, d'eallach agus d'éanlaith chlóis, agus mar phlandaí ornáideacha. Is gnách go bhfásann an speiceas H. annuus i rith an tsamhraidh agus go luath san fhómhar, agus is é lár an tsamhraidh an buaicshéasúr fáis.
lus na gréine | |
Planda | |
---|---|
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Fofhine | Asteroideae |
Géineas | Helianthus L., 1753 |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Helianthus, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.