Athlasadh na nglomarúlach sa duán, na braislí beaga ribeadán is feadán atá freagrach as bunscagadh na fola.
Tarlaíonn an t-athlasadh de bharr ionsaí na colainne ag antaiginí coimhthíocha, ionas go gcruthaíonn an cholainn coimpléisc antaiginí/ antasubstaintí mar fhreagairt imdhíonach. Uaireanta, bíonn galar inaitheanta ionfhabhtaithe ag othar roimh an riocht. Is amhlaidh a ghabhtar na coimpléisc seo sna ribeadáin sna glomarúlaigh, agus cuireann siad tús leis an bpróiseas athlasta. Mar thoradh ar an damáiste a dhéanann sé seo, ligtear do phróitéiní is cealla na fola éalú isteach sa bhfual, lagtar eisfhearadh salann is uisce, agus leanann éidéime is hipirtheannas é seo. Uaireanta, réitíonn an riocht go spontáineach, ach má leanann sé is féidir go ndéanfar damáiste buan is go gclisfidh an duán.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Glomarúlaineafraíteas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.