Is sráidbhaile agus paróiste sibhialta é Glinsce, nó Gleann Uisce scaití, atá suite i gContae na Gaillimhe agus i mbarúntacht Bhéal Átha Mó.
Tá sé thart ar 68 km ó chathair na Gaillimhe agus thart ar 30 km ó bhaile Ros Comáin.
Glinsce, Contae na Gaillimhe | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae an Chláir | |||
Barúntacht | Liatroim | |||
Paróistí dlí in Éirinn | Baile na Cille | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 18933 |
I measc na seirbhísí atá le fáil ar an mbaile tá siopa, pub, scoil náisiúnta, páirc CLG agus eaglais. Tá Caisleán Ghlinsce in aice láimhe. Tógadh sin ar ordú an Bhairnéad Uileog de Búrca ag tosú thart ar 1628. Maítear gurb é sin an caisleán deireanach a tógadh in Éirinn, rud a bhraitheann ar an sainmhíniú atá ann ar 'caisleán', dar ndóigh.
Baile na Cille an t-ainm oifigiúil atá ar pharóiste Ghlinsce agus is sa mbaile fearainn sin atá an reilig áitiúil suite. Tá sé ina chuid de pharóiste Caitliceach Ghlinsce agus Chill Bheagnait. Mar a léiríos leagan "Gleann Uisce" an ainm, tá abhainn ag rith láimh leis an áit, mar atá, Abhainn na Suca.
Glinsce, leathanach idirdhealaithe le cúpla áit eile in Éirinn ar a dtugtar 'Glinsce'.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Glinsce, Contae na Gaillimhe (Béal Átha Mó), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.