Staraí, béaloideasaí, file, luibheolaí agus seandálaí Éireannach ab ea George Geordie Barnett (11 Feabhra 1876 – 10 Aibreán 1965).
Rugadh Barnett in Abhainn Riabhach, na Sé Bhaile, Baile na Croise, Contae Dhoire, i dTuaisceart Éireann. Gí nach raibh aon mhúinteoir aige ach é féin d'éirigh leis eolas ollmhór ar shléibhte na Speiríní a bhaint amach as a stuaim féin, ag síor-staidéar, breathnóireacht agus tastáil. D'aimsigh sé a lán láithreán ón réamhstair, ach thar aon ní eile, tá aithne air as liagchiorcail na Beithí Móire a aimsiú. D'fhorbair sé teoiric gur fheidhmigh an láithreán mar réadlann ghealaí. Scríobh sé dán a chuir an teoiric seo os comhair an tsaoil, mar atá, The Beaghmore Stone Circles.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Feabhra 1876 |
Bás | 10 Aibreán 1965 89 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | antraipeolaí, staraí, seandálaí, geolaí |
Bhí idir aithne agus meas ag lucht na n-ollscoileanna ar Barnett de bharr an méid eolais a bhí aige ar a cheantar dúchais agus ar na Speiríní. Bhí sé páirteach i saothar taiscéalaíochta agus tochailte go minic, agus aithnítear é sna scríbhinní acadúla. Aige seo síos a scríobh an tOllamh E. E. Evans, chéad ollamh le tíreolaíocht in Éirinn, faoi Barnett ar ócáid a bháis:
Ina bhaile dúchais a fuair Barnett bás. Tá sé curtha sa reilig in aice eaglais St. Anne.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article George Barnett (staraí), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.