Is polaiteoir Sileach de chuid na heite clé é Gabriel Boric Font (Punta Arenas, an tSile ; 11 Feabhra, 1986).
Is é uachtarán tofa na Sile é, post a nglacfaidh sé leis an 11 Márta 2022.
Mar mhac léinn den Facultad de Derecho de la Universidad de Chile (Gaeilge: Dámh Dlí Ollscoil na Sile), bhí sé ina uachtarán den Federación de Estudiantes (Gaeilge:Cónaidhm na Mac Léinn) le linn na tréimhse 2011-2012 agus ceann de phríomhcheannairí agus ceann de phríomhcheannairí ghluaiseacht na mac léinn sa bhliain 2011
Ar 19 Nollaig 2021, fuair Boric an bua i dtoghchán uachtaránachta na Sile. Sa toghchán réitigh, fuair sé an ceann is fearr ar José Antonio Kast, fear a raibh a athair ina Naitsí sa Ghearmáin sna daichidí agus a bhfuil naisc láidre aige le daoine atá i bhfad amach ar an eite dheis. Gheall Boric go n-aontódh sé an tSile, go rachadh sé i ngleic le bochtanas agus go gcuirfeadh sé deireadh leis an nualiobrálachas sa tír.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Gabriel Boric, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.