Is polaiteoir Éireannach é Frank Feighan nó Proinsias Ó Fiacháin i nGaeilge (a rugadh ar an 4 Iúil 1962).
Ball d'Fhine Gael atá ann. Tá sé ina TD do Ros Comáin-Deisceart Liatroma. Toghadh i dtoghchán ginearálta 2007 é. Roimhe sin bhí sé ina bhall den 22ú Seanad.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Iúil 1962 61 bliana d'aois Mainistir na Búille, Éire |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Sligeach–Liatroim Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Seanadóir na hÉireann | |
8 Meitheamh 2016 – Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
Teachta Dála | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin–Liatroim Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
Teachta Dála | |
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 30ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin–Liatroim Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2007 | |
Seanadóir na hÉireann | |
12 Meán Fómhair 2002 – 24 Bealtaine 2007 Téarma parlaiminte: 22ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Riaracháin | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Sa bhliain 2006 glac sé páirt i seó de chuid RTÉ, You're a Star, chun airgead a bhailiú do charthanas do pháistí. Níl sé ag glacadh páirt san Olltoghchán 2016.
Sa bhliain 2007 ceapdh mar leas-urlabhraí an pháirtí d'Iompar agus Oideachas é. I mí Iúil 2010, roghnaigh Enda Kenny Feighan mar urlabhraí Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Bhí go leor daoine míshásta le ceapadh Feighan mar urlabhraí Gaeltachta, mar ní raibh Gaeilge ar bith aige. Dúradh gur maslach an rud duine gan Ghaeilge a cheapadh mar Aire Gaeltachta, rud a rinneadh roimhe sin nuair a ceapadh Síle de Valera agus Michael Ring roimhe seo agus nuair a cheap Charles Haughey é fén ina Aire Gaeltachta. Dúirt Feighan go raibh sé ag foghlaim na teanga anois agus go raibh sé in ann a chuid aoibre a chur i gcrích mar bhí Ó Cionaith agus an leas-urlabhraí Dinny McGinley as Gaoth Dobhair ag cabhrú leis.
Ghlac sé páirt sa chlár carthanachta You're a Star de chuid RTÉ sa bhliain 2006 le hairgead a bhailiú ar son gasúr.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Frank Feighan, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.