Is é is francbhéarla ann ná teanga atá in úsáid mar theanga ghnáthchumarsáide ag daoine nach bhfuil sí ó dhúchas acu, cosúil leis an dóigh a n-úsáidtear an Béarla inniu sa chuid is mó den domhan.
Tá an téarma féin bunaithe ar lingua franca, an meascán d'fhocail Iodáilise, Tuircise, Fhraincise, Pheirsise, Ghréigise agus Araibise a bhí á labhairt ag taidhleoirí agus ag tráchtálaithe na Meánmhara sna Meánaoiseanna. Ón am sin i leith, fairsingíodh an téarma ar na teangacha eile a d'éirigh coitianta i gcomhchaidreamh na ndaoine ó thíortha éagsúla ina dhiaidh sin.
Aicmiú teangeolaíoch | |
---|---|
teanga | |
Tréithe | |
Staidéar ag | sochtheangeolaíocht |
Inniu, áfach, ní thagraíonn an focal sin "francbhéarla" do theanga na dtaidhleoirí an oiread agus a thagraíonn sé do theangacha na cumarsáide béil.
San Impireacht Rómhánach, b'í an Ghréigis an francbhéarla san Oirthear, agus an úsáid seo á baint as an Laidin san Iarthar. Ón seachtú haois déag ar aghaidh, b'í an Fhraincis teanga idirnáisiúnta na taidhleoireachta. San eolaíocht, áfach, b'í an Ghearmáinis a bhí chun tosaigh ar na teangacha eile, go dtí gur tháinig an Béarla ina háit i ndiaidh an dá chogadh domhanda. Inniu, is é an Béarla an francbhéarla is tábhachtaí ar fud an domhain. Mar sin féin, bíonn teangacha eile ag déanamh an ghnó chéanna anseo agus ansiúd. Sna tíortha tearcfhorbartha iar-choilíneacha, bíonn teanga na hiar-mháthairthíre coilíní tábhachtach i gcónaí, agus má tá an tír breac le dreamanna eitneacha agus le mionlaigh theanga, mar is gnách san Afraic ach go háirithe, tá sé ag teacht isteach áisiúil aon teanga amháin a bheith seanbhunaithe sa chóras oideachais agus sa saol cultúrtha.
Go minic, áfach, ní hé an leagan oifigiúil den teanga sin an francbhéarla i mbéal na cosmhuintire. Ina áit sin, cuireann na daoine ar leataobh an chuid den ghramadach nach bhfuil ach ag cur isteach ar an ngnáth-thuiscint, agus iad ag labhairt leaganacha simplithe den teanga eatarthu a bhfuil na teangacha is na canúintí áitiúla i ndiaidh a dtionchar a imirt orthu. Nasctheanga (pidgin) a thugtar ar an gcineál seo teanga. Níl an nasctheanga ó dhúchas ag aon duine. Nó má tá, ní nasctheanga í a thuilleadh, ach fásteanga (creole).
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Francbhéarla, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.