Eagraíocht Ghaeilge do lucht gnó é Foras Gnó na hÉireann nó FGÉ (Foras Gnó na Gaeilge uaireanta).
Bunaíodh é breis is 50 bliain ó shin. Ba é sprioc fhadtéarmach FGÉ ón gcéad lá an Ghaeilge a chur chun cinn i saol gnó na hÉireann. Bíonn sé de nós ag an eagraíocht teacht le chéile uair sa mhí le haghaidh lóin, i mBialann na gComhaltaí, Teach Laighean. Thosaigh an traidisiún sin nuair a toghadh Ruairí Brugha ina Sheanadóir sa bhliain 1977, thug an Seanadóir cuireadh don eagraíocht an lón a chaitheamh san mBialann sin ar bhonn rialta. I láthair na huaire is é Éamon Ó Cuív, Teachta Dála, atá mar éarlamh nó pátrún ag an eagraíocht.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht |
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Foras Gnó na hÉireann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.