Dúshlán 125

Is comórtas é Dúshlán 125 atá dírithe ar mhic léinn san ollscoil agus ar dhaltaí meánscoile chun iad a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid i mbealach spraíúil fuinniúil.

Triúr atá ar gach foireann agus tugtar tríocha dúshlán do na foirne go léir; 10 gcinn atá indéanta go leor, 10 gcinn atá beagáinín níos deacra agus 10 gcinn gur gá dua a chaitheamh leo. Ní mór don fhoireann na dúshláin go léir a chríochnú laistigh de chaoga uair an chloig. Faigheann siad pointí do gach dúshlán a dhéanann siad agus ní mór dóibh 125 pointe a bhaint amach. Céad fiche cúig an uimhir a roghnaíodh ó tharla go bhfuiltear ag déanamh ceiliúrtha i mbliana ar Bhliain na Gaeilge 2018; 125 bliain ó cuireadh tús an chéad lá le hAthbheochan na Gaeilge.

Beidh pointe ar leith ar fáil ag brath ar cé chomh “dúshlánach” is atá na Dúshláin éagsúla. Mar shampla: “Scríobh tvuít faoin bhfáth a dtaitníonn an Ghaeilge leat, úsáid an haischlib #tásécgl". Ní bhronnfar ach dhá phointe ach “Scríobh nó aistrigh alt ar Vicipéid. Ar a laghad 250 focal. Déan cinnte go bhfuil sé cruinn. Seol an nasc chugainn", bronnfar deich bpointe. Seolann na foirne fianaise de gach dúshlán chuig an eagraíocht trí WhatsApp. Má éiríonn le níos mó ná foireann amháin na dúshláin ar fad a dhéanamh, roghnófar buaiteoirí na chéad áite bunaithe ar cé chomh cruthaitheach is a thug siad faoin gcomórtas. m.sh. más é an tasc ná rud éigin a dhearadh, roghnóidh na moltóirí an fhoireann a dhéanann an táirge féin seachas an fhoireann a scríobhann an dearadh ar phíosa paipéir.

Is comórtas iontach é seo mar ní mór do mhuintir na hÉireann an Ghaeilge a chothú. Mar a deir foireann iontach a ghlac páirt sa Dúshlan tráth - ‘Coinnigh Beo Í!’

Tags:

An Ghaeilge

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint SonraíEl NiñoAn tAigéan CiúinTriomachNaoi (fáidh)Victoria, TexasBreatimeachtDéardaoinOcsaiginOla na Mara ThuaidhPríosúnach cogaidhAn Ghaeltacht12 SamhainAn IodáilNewt GingrichAn DagastáinFrancisco PizarroGaeilge na hAlbanFolúsghlantóirKyōtoAinmhíToraighTrasfhoirmeoir 12 EanáirHoratio Nelson1975LeictreastataicAigéanAn Chrois, Contae Mhaigh Eo (Cill Mheáin)C++AlbainClement AttleeGnóisíochasTeileachumarsáidFealsúnachtJimmy WalesAnimeNaomh PádraigCaitlín Bean Uí ChléirighNaomh ColmánGlacaireachtBliainIriseoireachtCoiste Pléimeannach na FrainceIosraelGuinnessFéinmharúh102yIdirlíonConradh (dlí)MedjugorjeCeardchumannUathmheaisín baincSeán Mac DiarmadaAn RúisisNuala Ní DhomhnaillDrumaPáirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)SaratovSAMHTMLArthur Conan DoyleMontanaradaíocht ultraivialaitCOBOLSlat na rígheCogadhSochaíRíomheolaíochtBitheolaíochtAltan🡆 More