File agus scríbhneoir de chuid na Breataine Bige ab ea Dylan Marlais Thomas (27 Deireadh Fómhair 1914 – 9 Samhain 1953), a scríobh a chuid oibre ar fad i mBéarla amháin.
Chomh maith leis an bhfilíocht, scríobh sé gearrscéalta agus scripteanna teilifíse agus raidió, curtha i láthair aige féin go minic.
Thabhaigh sé iomrá mór lena léachtaí poiblí, i Meiriceá ach go háirithe, agus chuaigh a ghuth cumhachtach le blas a thír dúchais go mór i gcion ar dhaoine. Na píosaí is mó cáil a tháinig uaidh ná an dráma Under Milk Wood agus an dán Do not go gentle into that good night in ómós dá athair.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Dylan Thomas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.