Lia as Baile Átha Cliath ba ea Dorothy Stopford-Price (9 Meán Fómhair 1890 – 30 Eanáir 1954).
Saineolaí ar an eitinn ar leanaí ab ea í, agus an chéad duine a thug an vacsaín BCG go hÉirinn sa bhliain 1937.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Meán Fómhair 1890 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 30 Eanáir 1954 63 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dochtúir leighis |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
B'iníon í le Jemmet Stopford agus Constance Kennedy. Neacht í leis an staraí Alice Stopford Green. Ar fhaitíos go labhródh Dorothy le blas na nGael d’fhostaigh a muintir múinteoir ó Shasana di.
Poblachtach ba ea í, in aghaidh an Chonartha sa bhliain 1922.
Casadh uirthi in 1923 Liam Price, breitheamh agus ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh.
Phós siad in 1925. Ní raibh aon chlann acu.
Ó 1932 go dtí lá a báis, chaithfeadh Stopford-Price a fuinneamh ag troid in aghaidh na heitinne. Ba í an t-údarás ba mhó in Éirinn í i dtaobh an ghalair sin i measc na bpáistí.
Ba í ba thúisce in Éirinn a mhol go n-úsáidfí BCG. Sna 1930idí. thaisteal Stopford-Price go dtí an Ostair, An Ghearmáin agus an tSualainn, srl chun tuiscint níos fearr a fháil ar mhodhanna nua sa mhíochaine choisctheach agus sa vacsaíniú.
Ar ais in Éirinn, thug sí an BCG nua isteach in Ospidéal Naomh Ultán le haghaidh trialach ar ghrúpa beag leanaí in 1938. Níor sháraigh sí gach constaic a bhí roimpi. Mar shampla, chuir an tArdeaspag John Charles McQuaid isteach ar an bhfeachtas a bhí ar siúl ag Stopford-Price. Níl ach sa bhliain 1948 a d'éirigh Stopford-Price ina cathaoirleach ar an gCoiste Náisiúnta BCG.
Bhuail stróc í sa bhliain 1950 agus ceann eile, marfach, in 1954. Ní raibh sí ach 63 bliain d'aois. Tá sí curtha i Reilig San Mhaolruain i dTamhlacht.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Dorothy Stopford-Price, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.