Córas talmhaíochta ar leith atá dírithe ar tháirgeadh bainne, de ghnáth ó bha ach i réigiúin áirithe ó ainmhithe eile: caoirigh, gabhair, geacanna, buabhaill is réinfhianna.
Tá póir speisialta bó baineann — an freaslannach, an Ayrshire, is an gheirseog — agus póir atá go maith don bhainne is an mhairteoil, cosúil leis an ngearradharcach ó na Stáit Aontaithe. Tá an déiríocht coitianta i réigiúin mheasartha thaise mar a bhfásann féar go maith, ar féidir na ba a chur ag iníor amuigh sna páirceanna an chuid is mó den bhliain. I dtíortha teo coinnítear na ba istigh i rith na bliana, agus déantar fómhar foráiste le soláthar dóibh. Díolann an chuid is mó de na feirmeoirí déiríochta a gcuid bainne le comhlachtaí a dhéanann na táirgí déiríochta: im, cáis, uachtar, iógart, is bainne bearrtha. Tá sé mar pholasaí ag an Aontas Eorpach an táirgeadh a mhéadú ach líon na mbó a laghdú, agus cuireann sé seo an-bhrú ar fheirmeacha beaga, atá ag éirí níos domharthana le himeacht ama.
Cineál fostaíochta | feirmeoireacht ainmhithe |
---|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Déiríocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.