B’údar úrscéil agus drámaí í Cáit Ní Bhriain (1897-1974) (Kate O’Brien as Béarla) a scríobh as Béarla.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Nollaig 1897 Luimneach, Éire |
Bás | 13 Lúnasa 1974 76 bliana d'aois Canterbury, England |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Galar) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, iriseoir, drámadóir |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Kathy Rose O'Brien (grandniece (en) ) |
Gradam a fuarthas | |
Rugadh i Sráid Mhulgrave i gCathair Luimnigh í ar an 3ú Nollaig 1897. Ba thógálaí é a hathair agus tá tigh an teaghlaigh, Áras Bóirmhe, fós ina sheasamh ós comhair Ospidéal Meabhar-Ghalar Sheosaimh. D’éag a máthair in aois a cúig bhliana di.
Chuaigh sí ar mheánscoil Cnoc na Labhras sa chathair.
Tar éis di freastal ar Choláiste Ollscoil Bhaile Átha Cliath, thosaigh sí ag obair leis an Manchester Guardian, nuachtán i Manchain, Sasana.
Cuireadh a céad dráma Distinguished Villa: A Play in Three Acts ar stáitse sa bhliain 1926. Foilsíodh a céad úrscéal Without My Cloak cúig bliana ina dhiaidh.
Ba leis an úrscéal The Ante Room a bhain sí mór-chlú amach sa bhliain 1934. Bhain roinnt dá scríbhinní le téama an leisbeachais. Dá bharr sin, cuireadh cosc ar fhoilsiú a h-úrscéalta Mary Lavelle agus The Land of Spices in Éirinn. Mhair an cosc go dtí blianta na 1970í.
Níor phós sí riamh agus chaith sé an chuid is mó dá saol i Sasana. D'oibrigh sí le seirbhísí eolais na Breataine le linn An Dara Cogadh Domhanda.
Bhuail an niúmóine í agus d’éag sí i gcathair Canterbury, Kent ar an 13ú Lúnasa 1974, in aois 76 di.
Tá bailiúchán mór da scríbhinní le feiscint i Leabharlann Glucksman in Ollscoil Luimnigh. Ath-fhoilsíodh a húrscéal deireanach As Music and Splendour(1958) sa bhliain 2005. Tagann slua mór gach bliain chun freastal ar dheireadh Seacthaine Cháit Ní Bhriain in Ollscoil Luimnigh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cáit Ní Bhriain, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.