Ba é Craig Lyle Thomas (17 Feabhra 1933 - 4 Meitheamh 2007) an seanadóir sinsearach ó Wyoming i Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 2007.
Ba bhall den Pháirtí Poblachtach é.
Ba shaineolaí i réimsí na talmhaíochta agus na tuathfhorbartha é Thomas. Bhí poist tábhachtacha aige i roinnt gníomhaireachtaí stáit. B'é a phost mar leasuachtarán feidhmiúcháin oifig feirme Wyoming ó 1965 go dtí 1974 an ceapachán is fada dá raibh aige. Bhí sé ina fhear gnó neamhspleách fosta. I 1984, toghadh ina fheisire in oireachtas an stáit é, agus d'fhreastail sé air go dtí 1989.
Sa bhliain 1989, d'éirigh Dick Cheney as ionad Wyoming i dTeach na nIonadaithe, agus d'ainmnigh an Páirtí Poblachtach Thomas mar iarrthóir aige sa toghchán. Bhuaigh sé agus atoghadh é i 1990 agus i 1992. I 1994 rith sé do Sheanad na Stát Aontaithe agus bhuaigh sé an toghchán sin freisin. Atoghadh é i 2000 agus 2006.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Craig Thomas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.