Léirigh Einstein an gaol idir mais is fuinneamh leis an gcothromóid iomráiteach E = M c2, arb é E an fuinneamh ina ghiúil (J), M an mhais ina cileagraim (kg), is c luas forleata an tsolais i méadair sa soicind (m s-1).
De bhrí go bhfuil c chomh mór sin, cothrom le 3.0 × 108 m s-1, is ollmhór an méid fuinnimh i mais bheag ábhair. In 1 kg, mar sin, tá 9 × 1016 J, arb ionann é is timpeall 25,000 milliún cileavatuair. Is é athrú na maise go dtí fuinneamh a tharlaíonn faoi stiúir trí eamhnú núicléach i stáisiún núicléach chun fuinneamh leictreach a ghiniúint, agus is é an rud céanna a tharlaíonn go pléascach trí eamhnú nó comhleá núicléach i mbuamaí núicleacha.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Coibhéis maise is fuinnimh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.