Scríbhneoir Spáinneach ab ea Camilo José de Cela y Trulock (1916 – 2002).
Do rugadh é ar an 11ú lá de Bhealtaine in Iria Flavia, suite gar do Phadrón sa Ghailís na Spáinne, agus do fuair sé bás ar an 17ú lá d'Eanáir i Maidrid na Spáinne.
Do scríobh sé cuimse saothar (úrscéalta, gearrscéalta, leabhair taistil, dánta agus aistí ina measc), ach is dóigh gurb iad na húrscéalta La Familia de Pascual Duarte (1942; Gaeilge: 'Clann Phascuail Duarte') agus La colmena (1951; Gaeilge: 'An Choirceog') na saothair is iomráití dá chuid. Do bronnadh a lán duaiseanna air agus ar a chuid scríbhneoireachta, an Premio Príncipe de Asturias de las Letras (1987; Gaeilge: 'Duais Liteartha Prionsa na hAstúire') agus an Premio Cervantes (1995; Gaeilge: 'Duais Chervantes') ar chinn acu. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1989.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Camilo José Cela, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.