Bitheolaí cille a rugadh i gCorteno na hIodáile ab ea Camillo Golgi (7 Iúil 1843 – 21 Eanáir 1926).
D'fhionn sé coirpíní Golgi i gcealla ainmhithe de bhrí gur éirigh leis iad a ruaimniú le salainn mhiotalacha (a bhfuil finíocht acu leo) agus a dhéanamh feiceálach faoin micreascóp.
D'oscail a chuid taighde réimsí nua taighde ar an néarchóras, na horgáin chéadfacha, na matáin, agus na faireoga.
Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1906 le Santiago Ramón y Cajal as an saothar bunúsach ceannródaíoch seo. Fuair sé bás in Pavia na hIodáile.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Camillo Golgi, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.