Ba scríbhneoir, file, aisteoir, amhránaí sean-nóis agus gníomhaí Gaeilge as Conamara í Caitlín Maude (22 Bealtaine 1941 - 6 Meitheamh 1982).
Baineann tábhacht le Maude mar fhile de bharr go raibh rud éigin fiúntach le rá aici. Tháinig an fhilíocht as ceann, croí, putóga agus baill ghiniúna. Paisean a bhí i gceist; ní intleacht amháin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Meitheamh 1941 Casla, Éire |
Bás | 6 Meitheamh 1982 40 bliana d'aois |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, scríbhneoir, file, aisteoir stáitse |
Uirlis | Ceol gutha |
Tháinig Caitlín Maude chun saoil sna Doiriú, i gCasla, Conamara. Ise an dara duine clainne a saolaíodh do John Joseph Maude agus a bhean chéile, Máire Nic an Iomaire. D'fhreastail sí ar an meánscoil i Móinteach Mílic i gContae Laoise agus i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal. Chuaigh sí go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a ndearna sí staidéar ar an mBéarla, ar an nGaeilge, ar an bhFraincis agus ar an Matamaitic. Bhronn rialtas na Fraince scoláireacht Sambro uirthi tar éis di an marc is airde a bhaint amach i scrúduithe na chéad bhliana.
Chuaigh sí le múinteoireacht tar éis di an chéim a bhaint amach, agus í ag obair i scoileanna éagsúla ar fud na tíre ar feadh tréimhse. Bhí Maude ag plé drámaíocht ó laethanta na meánscoile amach agus cáil uirthi as páirt Mháire sa dráma An Triail, le Mairéad Ní Ghráda. I mbreis air sin, scríobh sise agus Mícheál Ó hAirtnéide dráma in éineacht, dar teideal An Lasair Choille.
Bhí suim aici sa cheol freisin. Sa bhliain 1975 tháinig albam sean-nóis léi, Caitlín, amach ó Ghael-Linn.
Bhí saint ag Caitlín i léann agus i bhfoghlaim riamh, dar lena tuismitheoirí. Scríobhadh sí dánta ó bhí sí ina cailín óg, agus dúirt sí féin gurbh í an tSiúr Ailbhe, a bhí ag múineadh Gaeilge di i gColáiste Chroí Mhuire, a thug an chéad spreagadh di chun dul i mbun pinn. Bhí friotal solúbtha comhaimseartha ina cuid filíochta agus rian an tochta uirthi.
Amhránaí dearscnaithe ar an sean-nós a bhí inti agus stór amhrán mór grá aici.
Bhí suim mhór aici i gcúrsaí sóisialta agus polaitíochta, go háirithe i leith na mbochtán. Rinne sí stocaireacht i gcoinne an Chómhargaidh Eorpaigh.
Bhíodh sí páirteach sna mórshiúlta a bhíodh ar siúl ar son na Stailceoirí Ocrais i dTuaisceart Éireann. Scríobh sí dán darbh ainm I m'Áit Dhúchais ó Thuaidh in ómós do Bhobby Sands tar éis dó bás a fháil ar stailc ocrais sa bhliain 1981. Thug sí tacaíocht d'fheachtas Misneach chomh maith.
Ba dhuine í Caitlín a bhí go mór ar son athbheochan na Gaeilge agus d'oibrigh sí go dúthrachtach chun bonneagar phobal na Gaeilge a fheabhsú. Bhunaigh sí club darbh ainm 'An Bonnán Buí' do Ghaeil Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1969 agus bhí sí páirteach i mbunú Scoil Lán-Ghaelach Santain, i dTamhlacht.
Phós Caitlín Maude Cathal Ó Luain ar 27 Nollaig 1969. Saolaíodh mac amháin dóibh, darb ainm Caomhán.
Fuair Caitlín Maude bás le hailse ar an 6 Meitheamh 1982. Cuireadh i reilig Sheosaimh í i mBóthar na Bruíne, Contae Átha Cliath.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Caitlín Maude, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.