Bíonn Bliain Nua na Síneach, nó Athbhliain na Síneach (nó fiú Athbhliain na Gealaí) á ceiliúradh i gcaitheamh mhí Eanáir nó Feabhra.
Cineál | ócáid bhliantúil |
---|---|
Comóireann sé | Lunar/Lunisolar New Year (en) |
Cuid de | An Athbhliain |
Lá | Lunar/Lunisolar New Year's Day (en) |
Is é an fhéile is mó sa bhliain ag muintir na Síne ach déantar é a cheiliúradh taobh amuigh den Sín chomh maith. Maireann an fhéile ar feadh 15 lá go hoifigiúil, ach uaireanta leanann an ceiliúradh ar aghaidh ar feadh daichead lá. Bíonn a lán féastaí ann agus tugann daoine cuairt ar ghaolta. Bíonn tinte ealaíne, neart spraoi agus spóirt sa tSín agus ar fud na cruinne.
Bíonn ainmhí luaite le gach bliain ar an bhféilire Síneach. Tá 12 ainmhí ann agus athraíonn an t-ainmhí gach bliain.
Athraíonn an dáta gach bliain mar úsáidtear féilire na gealaí leis an dáta a chinntiú. Agus ní thosaíonn an bhliain nua ar an dáta céanna ar fud domhain ach an oiread. Críochnaíonn an fhéile le lóchrainn lasta ar fud na háite.
Is iondúil a thiteann an fhéile seo idir an 21 Eanáir agus an 20 Feabhra. Ní lá amháin atá i gceist leis an chomóradh seo, ach ceiliúradh coicíse.
Bíonn 12 mí i ngnáthmhí agus bíonn mí bhreise ann nuair a bhíonn bliain bhisigh ann. Bíonn idir 353 agus 355 lá i ngnáthbhliain agus idir 383 agus 385 lá i mbliain bhisigh. Bíonn bliain bhisigh ann má bhíonn 13 ghealach nua ann idir dhá ghrianstad geimhridh.
Tá Féilire na Síneach éagsúil le féilirí móra eile atá in úsáid sa chaoi nach gcomhairtear na blianta i ndiaidh a chéile gan teorainn (1 AD ar aghaidh, mar shampla) ach tugtar ainm – ar cuid de é an t-ainmhí – do na blianta i gcóras a atosaíonn gach 60 bliain.
Bíonn An Athbhliain Bheag Xiao Nian ar siúl seachtain nó cúpla seachtain roimh an fhéile mhór (fiú ar an 23ú agus 24ú de Mhí na Nollag i gceantair áirithe inniu). Deirtear go bhfágann Dia an Bhia, Zao Jun, le dul chuig na flaithis le tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an teaghlaigh d’Impire na flaithis.
Leanann daoine an searmanas reiligiúnach le slán a rá le Dia an Bhia. Baintear anuas aon phictiúr dó agus cuirtear trí thine é. Tar éis Lá Caille, ceannóidh daoine pictiúir nua do Zao Jun agus cuirfidh siad na pictiúir ar taispeáint arís sa chistin.
Maireann an fhéile 15 lá.
I rith na coicíse, dúntar formhór na siopaí is tithe tábhairne, agus filleann muintir na Síne abhaile chun an Athbhliain a cheiliúradh lena theaghlaigh. Bíonn daoine saor ón obair agus ón scoil ar feadh trí lá ar a laghad.
Bíonn ainmhí bainte le gach bliain i bhféilire na Síne. Athraíonn an t-ainmhí gach bliain ar feadh 12 bliain agus ansin tosaíonn sé arís. Ní bhíonn uimhir ag an mbliain Shíneach, ach ina háit bíonn ainmhí luaite léi. Baineann tréithe stoidiaca leis an bhféilire Síneach, ar a nglaoitear Ciorcal na nAinmhithe air.
Is timthriall 12 bliain is ea An tStoidiaca Síneach. Tá gach bliain sa timthriall ainmnithe tar éis ainmhí agus tá pearsantacht agus tréithe difriúil agus gach ainmhí. Creidtear go bhfuil tionchar mór ag an ainmhí ar an duine.
Tá deich ‘bhfréamh neimhe’ ann agus 12 ‘fréamh saolta’ ann:
Tá 12 ainmhí ar an iomlán:
Na Fréamhacha Neimhe:
Cuirtear an dá fhréamh le chéile le hainm na bliana a fháil. Mar sin, is í an chéad bhliain sa chóras 60 bliain ná 甲子 (jiǎ-zǐ), agus an dara bliain 乙丑 (yǐ-chǒu) agus araile.
Nuair a thagtar chuig deireadh na bhfréamhacha, tosaítear ag an tús arís. Mar sin, is í an 11ú bliain 甲戌 (jiǎ-xū), an 12ú bliain 乙亥 (yǐ-hài) agus araile go dtí go dtagtar chuig an 60ú bliain 癸亥 (guǐ-hài). Thosaigh an “chéad bhliain” sa chóras seo sa bhliain 2637 BC nuair a ceapadh an féilire, de réir an tseanchais.
Mar shampla, is í an bhliain a thosaigh ar an 10 Feabhra 2016, mar sin, ná 丙申 (bǐng-shēn). Is í an 33ú bliain sa 78ú babhta den chóras 60-bliain agus is í an 4,714ú bliain ó thosaigh an córas sin.
De réir sheanchas na Síne, ba é an tImpire 皇帝 (Huangdi – ‘An tImpire Buí’) a cheap an féilire sa bhliain 2637 BC. Níos déanaí, thart ar 2300 RC. bunaíodh é le bheith ar an gcéad lá den chéad mhí (san fhéilire traidisiúnta Síneach) nuair a bhí ríshliocht Han i réim.
Sa bhliain 2020, bhí imeachtaí poiblí le Bliain Nua na Síneach a cheiliúradh i mBéising, Huanggang agus Wuhan curtha ar ceal in iarracht srianta a chur ar ráig de víreas marfach (Coróinvíreas) a bhí ag scaipeadh ar fud na tíre. Dúradh leis an 11 milliún duine a bhfuil cónaí orthu i gcathair Wuhan gan imeacht ón cheantar mura bhfuil géarghá leis. Druideadh príomhmhargadh na cathrach, pictiúrlanna agus caiféanna.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Bliain Nua na Síneach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.