Feidhmiú na bitheolaíochta nó na bithcheimice le haghaidh táirgthe ar ollscála.
Tá seansamplaí ann leis na céadta bliain (mar shampla, an ghrúdaireacht i ndéanamh beorach, an coipeadh i ndéanamh aráin is iógairt), ach ba é táirgeadh peinicilline ar scála mór sna 1940idí an chéad sampla nua-aoiseach. Tháinig cuid mhaith feidhmeanna cógaseolaíochta ar an bhfód sna blianta ina dhiaidh sin. Ó na 1990idí nó mar sin cuirtear innealtóireacht ghéiniteach i bhfeidhm chun hormóin is einsímí a tháirgeadh trí DNA athchuingreach, agus tá tábhacht chliniciúil ar leith leis seo. Mar shampla eile, déantar an t-ábhar géiniteach i gcealla daonna a ionramháil chun cur in ionad ceall fabhtach i bhfíocháin ghalraithe.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Biteicneolaíocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.