Aosú An Phobail

Is treocht é aosú an phobail (Béarla: population ageing) sa domhan forbartha ag a bhfuil impleachtaí fadtéarmacha socheacnamaíocha agus déimeagrafacha.

Aosú An Phobail
pirimid aoise,Tuaisceart na hÉireann, 1970-2050
Aosú An Phobail
pirimid aoise, Éire, 2023

Pleanáil

Tá muintir na hEorpa ag maireachtáil níos faide ná riamh, agus tá aoisphróifíl na sochaí ag athrú go tapa.

Cuireann an treocht seo dualgas ar na húdaráis dul i ngleic le deacrachtaí a bhaineann leis an daonra atá ag dul in aois agus an t-éileamh a bheidh ar sheirbhísí an stáit sa tréimhse sin, srl. Ní foláir a thionchar ar an státchiste amach anseo a mheá in am. Tá go leor saoránach atá níos sine ná 65 ag brath faoi láthair ar an teacht isteach ó gach oibrí a íocann cáin. Ach beidh i bhfad níos mó ón aoisghrúpa sin ag brath ar an gcáiníocóir amach anseo. 

Bhí Thomas Malthus den bharúil go mbeadh dul chun cinn gan deireadh i dtreo na hútóipe i mbaol, luath nó mall, ag an bhfás daonra a bheadh mar thoradh ar an dul chun cinn céanna (na "srianta Malthus").

Inniu san Iarthar, bíonn ganntanas oibrithe ag cur isteach ar fhorbairt. Ach tá an imirce ann mar rogha chun dul i ngleic leis an dúshlán a eascraíonn as aosú an phobail.

Éire

Tá muintir na hÉireann ag dul in aois, mar atá á léiriú ag tuairiscí na Príomh-Oifige Staidrimh le tamall. Tháinig méadú ar mheánaois an daonra an Stáit ó 37.4 bliana in 2016 go 38.8 bliain in 2022, rud atá ag leanúint leis an treocht daonra atá ag dul in aois ó 2011 nuair arbh 36.1 bliana a bhí ann.

Meastar go raibh 800,000 duine atá os cionn 65 bliain sa stát sa bhliain 2023, agus go mbeidh breis agus 1.2 milliún san aoisghrúpa sin in 2041, is é sin i gceann 18 bliain. Cuirfidh an méadú brú as cuimse ar an tseirbhís sláinte ach beidh mór-athrú de dhíth ar sheirbhísí eile, gan trácht ar mhaoiniú gach seirbhíse.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Aosú An Phobail PleanáilAosú An Phobail ÉireAosú An Phobail Féach freisinAosú An Phobail TagairtíAosú An Phobail

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An PartanónGiuseppe VerdiShakiraCoinbhinsiúin um ChinedhíothúAn ÉigiptBealtainePailé-ointeolaíochtÍosa CríostNáisiún IoslamCocnaisPhilip Seymour HoffmanUachtarán na hÉireannSimon HarrisOllscoil OxfordHenry Ford17 MártaCogadh na hIaráiceHorst KöhlerAn Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís2024Réamhstair1695MatamaiticLitir Naomh Pól chuig na GalátaighLeac RosettaIarannAn Afraic TheasMeiceRidley ScottJiohádTeangeolaíochtAn BhriotáinPen-y-bont ar OgwrDéardaoin MandálaClogTwitterAn PhacastáinMahamadDavid Ben-GurionAn tAigéan CiúinAn AoineCuauhtémoc (delegacion Chathair Mheicsiceo)An Fhrainc1555LeaistiméiríEukaryotaAn tAigéan AtlantachDomhanVicíHenrik IbsenAn BéarlaBMW55 RCCamp NouAois na Faisnéise1285Evonne GoolagongEmma WatsonPompeiiThomas MoreCadairneDenise McCormackTriomachMahagaineVicífhoclóirComhriachtainCogadh Meicsiceach-MeiriceánachSomálaighIonsaí scine agus círéib i mBÁC, 2023🡆 More