Anne Butler Yeats: Péintéir Éireannach

Ba phéintéir, dearthóir feistis agus stáitse Éireannach í Anne Butler Yeats (26 Feabhra 1919 – 4 Iúil 2001).

Infotaula de personaAnne Butler Yeats
Ainm sa teanga dhúchais(en) Anne Yeats
Beathaisnéis
Breith9 Bealtaine 1919
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Iúil 2001
82 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht agus scenic design (en) Aistrigh
Gairmpéintéir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Teaghlach
AthairW. B. Yeats  agus Georgie Hyde-Lees
SiblínMichael Butler Yeats

Luathshaol agus saol an teaghlaigh

Ba iníon í leis an bhfile William Butler Yeats agus Georgie Hyde-Lees, neacht leis an bpéintéir Jack B. Yeats, agus le Lily Yeats agus le Elizabeth Corbet Yeats. Bhí baint ag a haintíní le Gluaiseacht na nEalaíon agus na Ceardaíochta in Éirinn, agus bhí baint acu le tionscail Dun Emer Press, Cuala Press agus Dun Emer Industries. Ba pholaiteoir é a deartháir Michael Yeats. Thug a muintir "feathers" uirthi.

Rugadh Áine Yeats i mBaile Átha Cliath ar 26 Feabhra 1919, rinne a hathair comóradh ar a breith leis an dán A Prayer for My Daughter. Caith Anne a céad trí bhliain idir Bhaile Uí Laoigh, Co. na Gaillimh agus Oxford, sular bhog a teaghlach go 82 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath i 1922.

Bhí sí an-tinn mar pháiste. Chaith sí trí bliana in dhá ospidéal éagsúil. St. Margaret's Hall, 50 Bóthar Mespil, agus Nightingale Hall, Bóthar Morehampton, Baile Átha Cliath. D'fhreastail sí ansin ar Pinsean Henriette, scoil chónaithe i Villars-sur-Bex, an Eilvéis (1928–30). Agus í ag filleadh ar ais ar Bhaile Átha Claith chuaigh sí go Hillcourt, Gleann Aire, scoil chónaithe Eaglais na hÉireann do chailíní. Sa bhliain 1923, thug a aintín Elizabeth "Lolly" ceachtanna líníochta scuaibe di a chabhraigh léi an chéad duais a bhaint amach i gcomórtas Ealaíne Náisiúnta an RDS do pháistí faoi ocht mbliana d'aois, i 1925 agus 1926. Chaith sí trí bliana i scoileanna RHA faoi Maurice MacGonigal, Dermod O'Brien, agus Henry Tisdall .

Níor phós Anne agus ní raibh páiste aici. Bhí deartháir amháin aici Michael Butler Yeats.

Ré thábhachtach dá saol

Mar ealaíontóir, phéinteáil sí tírdhreacha, still-lifes, agus pictiúir figiúirí dathúil. Is féidir cuid obair s'aici a fheiceáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le taispeantaisí sa Ghearmáin, sna stáit aontaithe, san ísiltiltír chomh maith le taispeántas na oireachta. I measc a taispeántais aonair tá: Gailearaí Péintéirí Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath (1946,48); Gailearaí Dawson, Baile Átha Cliath (1963,66); Gailearaí Nua, Béal Feirste (1964,67); Cumann Cheanada Ollscoil Toronto um Léann na hÉireann (1968); Gailearaí Bardasach na Nua-Ealaíne, Baile Átha Cliath (1971-72); Ollscoil Winnipeg, Ceanada (1975); Caen, An Fhrainc (1979); Dánlanna Taylor, Baile Átha Cliath (1981,94); Gailearaí Ealaíne Shligigh (1984,89); Gailearaí Sheoirse Bhaile Átha Cliath, Mini Retrospective (1990); agus Royal Hibernian Academy Gallagher Gallery, Retrospective (1995).[3]

Le linn na 1950idí thosaigh sí ag dearadh leabhar. Le linn an tréimse de 25 bliain, dearadh sí tuairim is 40 leabhar.

Gairm

Tá a cuid pictiúr ar siúl i mbailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí ar fud an domhain, lena n-áirítear (in Éirinn): Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath; Gailearaí Bardasach Hugh Lane, Baile Átha Cliath; Músaem Uladh, Béal Feirste; Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Gailearaí Chontae Shligigh, Sligeach; Comhairle Ealaíon na hÉireann.

Saol déanach agus bás

Fuair sí bás in 2001, agus cuireadh saothair dá cuid i roinnt iarsmalann in 2002 ina honóir. Mar shampla, cuireadh thart ar 20 píosa i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Oidhreacht

: Gailearaí Péintéirí Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath (1946,48); Gailearaí Dawson, Baile Átha Cliath (1963,66); Gailearaí Nua, Béal Feirste (1964,67); Cumann Cheanada Ollscoil Toronto um Léann na hÉireann (1968); Gailearaí Bardasach na Nua-Ealaíne, Baile Átha Cliath (1971-72); Ollscoil Winnipeg, Ceanada (1975); Caen, An Fhrainc (1979); Dánlanna Taylor, Baile Átha Cliath (1981,94); Gailearaí Ealaíne Shligigh (1984,89); Gailearaí Sheoirse Bhaile Átha Cliath, Mini Retrospective (1990); agus Royal Hibernian Academy Gallagher Gallery, Retrospective (1995).[

Saothair

    foilsithe nó eisithe nó déanta nó déanta
  • bliain - teideal nó ainm
  • bliain - "teideal nó ainm"
  • bliain - "teideal nó ainm"

Naisc sheachtracha

Teimpléad:Sources

Tagairtí

Tags:

Anne Butler Yeats Luathshaol agus saol an teaghlaighAnne Butler Yeats OidhreachtAnne Butler Yeats SaothairAnne Butler Yeats Naisc sheachtrachaAnne Butler Yeats TagairtíAnne Butler Yeats

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

MiotaseolaíochtEuro16 SamhainAn Phaistis13 MártaSilvio BerlusconiFrogCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2014Na Náisiúin AontaitheGalfGearmánaighPionós an bháisAn Éigiptis3 FeabhraGaeltacht Bhuan Mheiriceá ThuaidhLochLag na SionnaTeangacha CeilteachaPluaisChordatesBéal FeirsteCrosáid AilbíseachSú craobhSacareilíseáCailvíneachasCóras Suite DomhandaH1995Réabhlóid na hUngáire 1956Míol mór bánWilliam Shakespeare6 MeitheamhÁr nAthairPósadhLeasú pinsin sa Fhrainc 2023Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeánObar LeamhnachNa taoidíLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaMamatSceimhlitheoireachtRConfadh1840AilgéabarPádraig Mac SuibhneTuirne lín EorpachVicipéidTuatha Dé DanannAontas na nÉimíríochtaí ArabachaColm Mac SéalaighRialtasCógas leighisSharm el-SheikhLá Domhanda an Chomhshaoil2002Adolf HitlerPAn tAontas EorpachLos Angeles, CaliforniaAn Rúis2012LAn AoineSí-abhabhaCat SiamachGalar AddisonGeabhróg choiteannFáinleog tuaitheSiondróm Down🡆 More