Páirtí polaitiúil sa Ríocht Aontaithe is ea an Páirtí Daonlathach Liobrálach.
Is é Ed Davey atá ina cheannaire ar an bpáirtí i láthair na huaire. Tá comhaontas idir an bpáirtí agus Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann.
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | Lib Dem |
Cineál | páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | liobrálachas sóisialta Eorpachas liobrálachas |
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár lárnachas |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 3 Márta 1988, Londain |
Gníomhaíocht | |
Ball de | Alliance of Liberals and Democrats for Europe Party (en) Liberal International (en) |
Ballraíocht | 98,247 (2020) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Nick Clegg (2007–2015) Tim Farron (en) (2011–2014) Sal Brinton (en) (2015–2020) Tim Farron (en) (2015–2017) Vince Cable (2017–2019) Jo Swinson (2019–2019) luach ar iarraidh (2019–2020) Mark Pack (en) (2020–) Ed Davey (en) (2020–) |
Ógeagraíocht | Liberal Youth (en) |
Le cuid | |
Eile | |
Dath | |
Suíomh gréasáin | libdems.org.uk |
Thacaigh an páirtí go láidir le ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach le linn feachtas an reifrinn Bhreatimeachta agus ina ndiaidh an reifrinn sin. Tacaíonn an páirtí le níos mó caithimh ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte agus ar an oideachas, le hardú ar an gcáin ioncaim chun íoc as sin, agus le cur i bhfeidhm na hionadaíochta cionmhaire i ngach toghchán náisiúnta agus áitiúil sa Ríocht Aontaithe.
Bhí an Páirtí Daonlathach Liobrálach páirteach i Rialtas na Breataine Bige, feidhmeannacht díláraithe laistigh den Ríocht Aontaithe, i gcomhrialtas le Páirtí an Lucht Oibre idir 2016 agus 2021. Bhí ceannaire an pháirtí sa Bhreatain Bheag, Kirsty Williams, ina haire oideachais le linn an trátha seo. I measc na ndlithe nua a thug an rialtas sin isteach, tá cosc ar phollaidh dlúthphearsanta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana; cosc ar chaitheamh tobac taobh amuigh de scoileanna agus ospidéil; leathnú cearta vótála, vótaí do dhaoine 16 bliana sna toghcháin áitiúla ina measc sin; agus rialacha chun tacú le saoirse agus inscne-neodracht na gculath scoile.
Ó tharla Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 6% agus 15% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa Bhreatain a deir go vótálfaidís ar son an pháirtí dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Páirtí Daonlathach Liobrálach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.