Is éard is alfa-cháithnín ann na cáithnín cumaisc luchtaithe, arb ionann é is ian héiliam, a bhfuil dhá phrótón is dhá neodrón ann.
Ernest Rutherford a d'aithin sin den chéad uair i 1906. Nuair a astaítear sruth de na cáithníní seo le linn meata radaighníomhaigh, tugtar alfaradaíocht nó alfaghathanna air. De réir cineáil, taistealaíonn sé cúpla ceintiméadar san aer sula stopann na hadaimh aeir é. Agus é ag imoibriú le damhna, cuireann sé tús le táirgeadh cuid mhaith ian, rud a dhéanann an-chuid dochair i bhfíocháin bhitheolaíocha.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Alfa-cháithnín, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.