Aildéad

Comhdhúile orgánacha iad na haildéid ina bhfuil an grúpa carbóinile −C(H)=O i gceann an tslabhra d'adaimh charbóin.

Ó tá dhá nasc oscailte ag an ngrúpa carbóinile, ní mór ceann acu a dhúnadh le hadamh hidrigine H agus an ceann eile ceangailte den tslabhra. Mar sin, is féidir a rá gurb é (nó ) feidhmghrúpa na n-aildéad. Is iad an formaildéad nó an meatánal agus an t-aicéataildéad nó an t-eatánal an dá aildéad is simplí. (Mar is léir ón dá shampla seo, is é -ánal is deireadh d'ainmneacha córasacha na n-aildéad, ach bíonn ainmneacha traidisiúnta ar chuid mhór acu agus iad níos coitianta sa litríocht cheimiceach féin ná na hainmneacha córasacha.)

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAildéad
Substaint cheimiceachaicme struchtúrtha ian
Struchtúr ceimiceach
Aildéad
SMILES canónta
Model 2D
[H]C([*])=O
Aildéad
Struchtúr ginearálta na n-aildéad
Struchtúr ginearálta aildéid. Is féidir leis an R-fhréamh a bheith ina adamh hidrigine nó ina fhréamh orgánaile (ailcil-, aril-, ailcéinil-, srl.). Tá grúpa na n-aildéad (grúpa formaile) marcáilte i ndath gorm.
Beispiele
Samplaí: formaildéad (meatánal, ar clé), aicéataildéad (eatánal, sa lár) agus próipianaildéad (própánal, ar dheis) le grúpa na n-aildéad marcáilte i ndath gorm (formailghrúpa)

Is í an difríocht idir na haildéid agus na céatóin ná go bhfuil an grúpa carbóinile i lár an tslabhra carbóin sna céatóin: cuir i gcomparáid an próipianaildéad (an própánal) agus an t-aicéatón (an própánón) , ar isiméirí iad.

Bíonn aildéid coitianta go maith sa cheimic orgánach, agus is aildéid iad a lán cumhrán. Is aildéad í an fhanailin a thugann an blas agus an boladh sainiúil don fhanaile, agus is é an cainéaldéad is cúis le blas agus boladh an chainéil.

Sraith homalógach na n-aildéad

Uimhir
(Adamh carbóin)
Ainm-
AIGCF
Beagainm Foirmle mhóilíneach Foirmle struchtúrach Fiuchphointe
in °C
1 Meatánal Formaildéad CH2O Aildéad −19,1
2 Eatánal Aicéataildéad C2H4O Aildéad 20,1
3 Própánal Próipianaildéad
Próipianaildéad
C3H6O Aildéad 48
4 Bútánal n-Bútaraildéad C4H8O Aildéad 74,8
5 Peantánal Ailéaraildéad
Aaimiolaildéad
n-Pentaldehyd
C5H10O Aildéad 103
6 Heicseánal Caprúnaildéad
n-Heicsaildéad
C6H12O Aildéad 131
7 Heipteánal Heiptaildéad
n-Heiptaildéad
C7H14O Aildéad 152,8
8 Ochtánal Caprailaildéad
n-Ochtaildéad
C8H16O Aildéad 171
9 Naonánal Pelargonaldehyd
n-Nonylaldehyd
C9H18O Aildéad 191
10 Deicilánal Caprailaildéad
n-Decylaldehyd
C10H20O Aildéad 208,5
11 Aondeacilánal Hendecanal
n-Undecylaldehyd
C11H22O Aildéad 117(18 mbar)
12 Dódeicilánal Laurinaldehyd
Dodecylaldehyd
C12H24O Aildéad 238
14 Teitrdeicilánal Myristylaldehyd
Tetradecylaldehyd
C14H28O Aildéad 260

Aildéid thábhachtacha

Tags:

AicéataildéadCarbónComhdhúilFormaildéadHidrigin

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An tAigéan CiúinCruidínSaorstát ÉireannAthrú aeráideFidsíOistéapóróisGelderlandHarvey WeinsteinAn FhraincTom HanksAn Baile DubhAn Grúpa ÁitiúilOileáin ÁrannActinopterygii1820Seoladh ríomhphoistSharon StoneAn RúisThe New York TimesCogadh Iosrael–Gaza agus an comhthéacs idirnáisiúntaJohn SteinbeckInsectaThe GuardianAn GhuaráinisLouis Mountbatten, Earl Mountbatten de chuid BhurmaOllscoil HarvardMaracóAn Rinn (Contae Phort Láirge)An LaidinMóilínRolling StoneConriochtGaillimhPangaeaDeich mblianaÁirseDeascadh (ceimic )TongaDruid choiteannMahathir MohamadPáirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht OibreCorp an duineSeoirse I na Breataine MóirePréachánLomnochtachtÓgie Ó CéilleachairPitPríomh-Aire na Ríochta Aontaithe24 AibreánHendrik LorentzAn tAontas EorpachBuddy Ebsen731Cúige ChonnachtFoirmle cheimiceachOileán na CáscaGloineRadio Studio 54 NetworkFelipe VI na SpáinneAoisRíocht na Breataine MóireAn Iodáil1933Tesla MotorsBean síC++LeictreonMagicicada septendecimMediaWikiVicífhoclóirRannóg ÉigeandálaAn Choróin MhuireCliseadh croí🡆 More