Irisleabhar Meiriceánach coicísiúil is ea Rolling Stone a dhíríonn ar an gcultúr coitianta.
Jann Wenner, foilsitheoir ar an irisleabhar go dtí inniu féin, agus Ralph J. Gleason, criticeoir ceoil, a bhunaigh an foilseachán in San Francisco sa bhliain 1967. Aithníodh é ar dtús as an tuairisciú ceoil san iris agus as tuairiscí polaitíochta le Hunter S. Thompson. Sna 1990idí d'athraigh an iris a fócas ar dhaoine níos óige agus ar na seónna teilifíse, aisteoirí scannáin agus popcheol a thaitin leo, dar le foilsitheoirí na hirise. Le blianta beaga anuas, tá Rolling Stone tagtha ar ais chuig an meascán d'ábhair a bhí acu roimh na '90idí. Tá cló foilsitheoireachta i gcomhair leabhar acu freisin darb ainm Rolling Stone Press.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Rolling Stone, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.