Grúpa crann is tor, dúchasach don Astráil is réigiúin thrópaiceacha eile is ea Acacia (Gaeilge: acaicia).
Caol an t-ainm atá orthu san Astráil. Tá siad pischineálach, sa tslí is go dtógann siad nítrigin go díreach ón aer. Bíonn na duilleoga roinnte san iliomad duilleoigíní bídeacha, nó i ngnéithe ar leith, laghdaithe ina ngais duilleoige leacaithe, cosúil le duilleog-lanna. Bíonn na bláthanna buí den chuid is mó, beag líonmhar i gcrobhaingí cruinne nó caitínchruthacha. Saothraítear go leor gnéithe i gcomhair scátha, maisithe nó daingniú na hithreach gainmhí. Bíonn an duilliúr in úsáid mar fhoráiste. Tá go leor freisin a dhéanann adhmad an-chrua trádálach. Úsáidtear an choirt is na cochaill sa tsúdaireacht. Tálann cuid acu guma arabach. Saothraítear an t-acaicia gormdhuilleogach is an t-acaicia airgeadach, crainn bheaga, mar go dtáirgeann siad bláthanna don mhargadh.
Acacia | |
---|---|
Acacia dealbata | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | adhmad acaicia |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fabales |
Fine | Fabaceae |
Fofhine | Mimosoideae |
Géineas | Acacia Mill., 1754 |
Cineál tacsanomaíoch | Acacia penninervis |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Acaicia, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.