Is é brí le dílseachas i gcomhthéacs na hÉireann ná Aontachtóir antoisceach atá sásta breith ar an arm le forlámhas na bProtastúnach i dTuaisceart Éireann agus le stádas bunreachtúil an stáitín mar chuid den Ríocht Aontaithe a chosaint is a choinneáil i bhfeidhm..
Is minic nach n-aithníonn na meáin chumarsáide na h-"Aontachtóirí" agus na "Dílseoirí" thar a chéile. Mar sin féin, bíonn sé níos coitianta an téarma úd "Dílseoir" a úsáid le tagairt a dhéanamh do lucht antoisceachais atá sásta droichead a dhéanamh den dlí is den cheart leis an status quo a choinneáil i bhfeidhm sa Tuaisceart nó a bhfuil a ndearcadh ar na cúrsaí neamhghéilliúlach as an ngnáth. An chuid is mó de na hAontachtóirí, ní thabharfaidís "Dílseoirí" orthu féin. Go bunúsach, cuimsíonn an téarma "Aontachtóir" gach duine a dteastaíonn uaidh an Ríocht Aontaithe, agus an chuma atá uirthi inniu, a choinneáil aontaithe. Mar sin, is féidir an dá chiall a bhaint as an bhfocal "dílseoir": dílseacht don Aontacht, nó dílseacht do Choróin na Breataine Móire.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Dílseachas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.