Is dúil cheimiceach shintéiseach é an livearmóiriam.
Is í an uimhir adamhach atá aige ná 116 agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Lv. Sa bhliain 2000 a shintéisigh na heolaithe an chéad adamh livearmóiriam in Dubna in aice le Moscó sa Rúis. Ní bhfuair an dúil a hainm ach sa bhliain 2012. Tagairt atá ann do shaotharlann Lawrence Livermore i Livermore, stát California, sna Stáit Aontaithe. Bhí fisiceoirí ó Livermore ag comhoibriú leis na Rúisigh in Dubna nuair a d'éirigh leo siúd teacht ar an dúil.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
---|---|
Livearmóiriam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Lv agus Uuh |
Uimhir adamhach | 116 |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 calcaigin |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Stair | |
Aimsitheoir | Joint Institute for Nuclear Research (en) |
Fionnachtain | Iúil 2000 |
Eapainm | Lawrence Livermore National Laboratory (en) |
Cosúil leis na dúile troma trasúránacha go léir, tá an livearmóiriam chomh radaighníomhach is gur deacair mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha. Is é livearmóiriam a 293 an t-iseatóp is cobhsaí, agus níl sé féin ach 57 milleasoicind ar leathré. Mar sin féin, creidtear go bhfuil an livearmóiriam suite in oileán na cobhsaíochta, is é sin an réigiún i dtábla peiriadach na ndúl ina bhfuil na dúile níos cobhsaí ná mar a shílfeá de réir an ghnáthchlaonta.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Livearmóiriam, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.