Sa gheolaíocht, scoilt nó gág i gcarraig, ar tharla díláithriú ar feadh an éisc de bharr struis taobh istigh den Domhan.
Nuair is díláithriú ingearach a tharla, is éasc normálta é sin agus strus comhbhrúiteach ba chúis leis. I gcásanna thar mean, sáitear taobh amháin den charraig suas os cionn an taoibh eile. I gcúléisc, mar mhalairt, forleathnú screamh an Dómhain is bun leis. Is samplaí drámata den éasc seo an Cainneoin Mór sna Stáit Aontaithe agus an Scoiltghleann in iarthar na hAfraice. Maidir le héisc sractha, scaoiltear strus comhbhrúiteach trí dhíláithriú i leataobh, agus is sampla suntasach de seo Éasc San Andreas i gCalifornia.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Éasc (geolaíocht), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.