Is pobal beag é Tamworth i mbailecheantar Stone Mills i Lennox and Addington County (Contae Lennox agus Addington), Ontario, Ceanada.
Tá Tamworth suite lastuaidh de Napanee, agus soir ó thuaidh ó Bhelleville, in aice le Beaver Lake (Loch na mBéabhar). Sníonn am loch seo isteach i Salmon River (Amhainn na mBreadán) a shreabhann trí Tamworth agus ba é an t-uisce sreafa seo a bhí freagrach as mórán de thráchtáil iarmhuilte Tamworth.
Tamworth, Ontario | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Ceanada | |||
Cúige Cheanada | Ontario |
I dtosach báire, sa bhliain 1826, thóg Calvin Wheeler roinnt muilte anseo sna 1840idí agus tugadh Wheeler's Mills air ar dtús. Sa bhliain 1848, osclaíodh oifig an phoist faoin ainm reatha, a ainmníodh as Tamworth, Staffordshire. Bhí meas ag Wheeler ar Sir Robert Peel, Feisire Parlaiminte Tamworth.
Bhí an ceantar socraithe ag go leor inimirceach Éireannach agus faoi 1865ba é 500 daonra an cheantair. Sa bhliain 1884 bhí trí thraein ag imeacht go Napanee gach lá ag an Tamworth and Quebec Railway. Nuair a bhí an clúdach foraoise bainte ní raibh an ithir a bhí fágtha den chaighdeán ab fhearr, ach lean feirmeoirí orthu agus chuimsigh an limistéar go leor monarchana cáise. D’fhéadfadh feirmeoirí cur lena n-ioncam trí chrainn a ghearradh sa gheimhreadh le dul ag snámh síos Abhainn Napanee go muilte sa deisceart.
Is meascán d'fheirmeacha, tithe agus teachíní ar Loch na mBéabhar é Tamworth inniu, agus áirítear leis seirbhísí amhail; séipéil, réimse haca, niteoir carranna, bialanna, siopa crua - earraí, siopa grósaera, cógaslann, siopa eischeadúnais, leabharlann agus go leor eile.
Lena chois sin, tá an chéad cheantar ina labhraítear Gaeilge na hÉireann, nó Gaeltacht, taobh amuigh d'Éirinn in Tamworth. I measc na bpleananna don láithreán tá cábáin le cóiríocht a thabhairt do bhreis is 100 duine, seomraí ranga, agus músaem.
Bhí foireann amaitéarach Sinsearach A ag Tamworth ó 2003 go 2005. D'imir The Braves i Sraith Haca Sinsearach Oirthear Ontario . D'fheidhmigh foireann Shraith II Sóisearach "A", ar a dtugtar The Tamworth Cyclones, ó 2007 go 2009 i Sraith Haca Shóisearach A Mhórcheantar Metro .
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Tamworth, Ontario, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.