Mianra hidriúil de shileacáit mhaignéisiam, Mg3Si4O10(OH)2, a fhaightear i gcarraigeacha meiteamorfacha ina chnaipí boga geal-liatha, go minic le cloch nathartha.
Tá fosuithe móra san Ostair is an India. Tugtar cloch gallúnaí nó stéataít air freisin. An mianra is boige dá bhfuil ann. Dath éigin idir bán, liath, glas, dearg is donn air. Snoítear é le hornáidí a tháirgeadh. Úsáidtear é i dtalcphúdar is cosmaidí eile, cailc fhrancach, bealuithe is clúduithe páipéir, déanamh teicstílí, lionóile, inslitheoirí leictreacha is potaireachta, agus mar ábhar líonta i bpéinteanna, plaistigh is rubair.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Talc, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.