Is éard is táinrith na dtarbh (Spáinnis: encierro, ón bhriathar encerrar ‘cuir i loca’; Ocsatáinis: abrivado, go litriúil ‘deifir, móiminteam’; Catalóinis: bous al carrer ‘tairbh sa tsráid’, nó correbous ‘reathaí tairbh’) ann ná imeacht ina ritheann daoine os comhair grúpa beag tarbh, go hiondúil sé cinn ach uaireanta deich gcinn nó níos mó, a scaoiltear ar shráideanna dúnta i mbaile, de ghnáth mar chuid d’fhéile samhraidh.
Is minic gur fearr pórtha eallaigh ar leith sna himeachtaí seo, mar shampla an toro bravo sa Spáinn, pór a úsáidtear go minic freisin i dtarbhchomhrac i ndiaidh an táinreatha, nó eallach Camargue sa Fhrainc Ocsatánach, nach n-úsáidtear i dtarbhchomhrac. Go hiondúil úsáidtear tairbh (eallach fireann neamhchoillte) in imeachtaí den sórt seo.
Suíomh | an Spáinn, An Spáinn Meiriceá Laidineach an Fhrainc, An Fhrainc |
---|---|
Is é an encierro in Pamplona na Spáinne an táinrith is cáiliúla ar domhan. Reáchtáiltear é le linn fhéile Sanfermines, idir 6 Iúil agus 14 Iúil gach samhradh. Is imeacht mór turasóireachta é anois, an-difriúil ón fhéile thraidisiúnta a bhíodh ann. Bíonn imeachtaí níos traidisiúnta ar siúl i mbailte agus i sráidbhailte trasna na Spáinne agus na Portaingéile, i gcathracha áirithe i Meicsiceo, agus sa réigiún Ocsatánach (Camargue) i ndeisceart na Fraince.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Táinrith na dtarbh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.